Ceol Pipes

In 2010, bhunaigh John Butler Ceol Pipes ar Oileán Acla, Co. Mhaigh Eo, chun píb uilleann lámhcheardaithe d'ardchaighdeán a tháirgeadh. Tá an phíb uilleann, mar aon leis an gcruit, aitheanta mar uirlis náisiúnta na hÉireann. Tá sí ar an bpíb mhála is mó fabhrathe ar domhan.

Déanann John a bpíoba uilleann ag baint úsáide as éabann Indiach, crann bosca agus prás. In 2012, bhuaigh John an chéad áit i gcatagóir na n-uirlisí ceoil i gComórtas Náisiúnta Ceardaíochta Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS) do cheann de na leathsheiteanna den phíb uilleann a rinne sé.

Léiríonn suíomh idirlín Ceol Pipes an modh casta speisialaithe agus ealaíonta atá i gceist le déanamh píob uilleann trí léirithe físeáin agus píosaí ceoil seinnte ar uirlisí a rinne John.

Bhí Ceol Pipes mar chuid den léiriú beo, The Music Makers, a bhí curtha ar stáitse in Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh i gCaisleán an Bharraigh don chéad uair in 2011. Sárthaispeántas de cheathrar déantóirí uirlisí atá lonnaithe i gContae Mhaigh Eo a bhí ann, ag ceiliúradh na cruthaitheachta agus na scile atá ag baint le déanamh uirlisí ceoil traidisiúnta. Bhí ceird agus ceol fite fuaite sa léiriú le meascán de cheol beo agus scannán ag taispeáint na gceardaithe agus iad ag déanamh na n-uirlisí atá á seinm sa léiriú.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín Ceol Pipes ag an nasc thíosluaite.

Ceol Pipes was established on Achill Island, Co. Mayo in 2010 by John Butler, to produce premium quality, handcrafted uilleann pipes. The uilleann pipes, along with the harp, are recognised as the national instrument of Ireland. They are the most evolved of all the bagpipe instruments found around the world

John hand-crafts his uilleann pipes using Indian ebony, boxwood and brass. In 2012 one of John's half-set uilleann pipes won first prize in the Musical Instruments category of the RDS National Crafts Competition.

John's website effectively captures the intricate and specialised art of Uilleann Pipe making through video demonstrations and performances on pipes crafted by John.

Ceol Pipes also featured in The Music Makers, a live performance piece which premiered in the Linenhall Theatre, Castlebar, showcasing four Mayo-based instrument makers to celebrate the creativity and skill involved in traditional music-making. In the show, craft and performance are juxtaposed through live music interwoven with film footage of the craft workers as they fashion the instruments being played.

For more information, please follow the link to the Ceol Pipe website below.

Teagmháil | Contact

  • Website: http://www.ceolpipes.com/
  • Phone: 087 799 3335
  • Irish Speakers: Seán De Buitléir (087 799 3335 john@ceolpipes.com)
  • Categories: CEARDAÍOCHT