• Nóirín
  • Foilsithe Ean. 13, 2014

Say it with Grá | Say it with Grá!

Say it le Grá!

Agus muid ag druidim i dtreo Lá Fhéile Vailintín, tá Gnó Mhaigh Eo ag obair chun an grá a scaipeadh trí mheán na Gaeilge, ár dteanga dhúcháis rómánsúil. Creidimid gurb é an bealach is fearr chun do ghrá a nochtadh i mbliana ná trí fhilíocht, agus trí dhraíocht agus fuaimeanna ceolmhara na Gaeilge.

Táimid ag comhoibriú leis na siopaí bláthanna agus na déantóirí seacláidí chun an grá agus an Ghaeilge a spreagadh go háitiúil ar fud Chontae Mhaigh Eo. Tá cártaí Vailintín deartha go speisialta ag Barry Murphy Designs dúinn agus beidh siad ar fáil le hordú bláthanna agus seacláidí ar Lá Fhéile Vailintín i roinnt siopaí ar fud Mhaigh Eo.

Tá Gnó Mhaigh Eo ag moladh do gach duine triail a bhaint as do ghrá a scaipeadh trí mheán na Gaeilge i mbliana. Chun tús a chur leis, cliceáil ar an íomhá thíos agus gheobhaidh tú roinnt samplaí de nathanna cainte agus de sheanfhocail faoin ngrá. Bain triail as "Say it with Grá" ar facebook agus twitter agus roinn do ghrá don Ghaeilge le chuile dhuine!

say it le grá

 

Níl leigheas ar an ngrá ach pósadh

Maireann lá go ruaig ach maireann an grá go huaigh

Capall an tsaoil an grá

Pós bean aniar agus pósfaidh tú thiar

Triúr fear go dteipeann orthu mná a thusicint: fir óga, fir aosta agus fir mheánaosta!


Say it le Grá!

Gnó Mhaigh Eo will be helping you to spread the love this Valentine’s Day through the romantic nuances of the Irish language. What better way to profess your love for your nearest and dearest and declare how much they mean to you than through the poetic lyricism of the Irish language.

We are working with flower shops and chocolate makers this Valentine's Day to encourage love in the Irish language across Mayo through supplying various shops with Irish language card inserts, especially designed by Barry Murphy Designs, which will accompany flower and chocolate purchases. According to one flower shop owner "All love is local".

Gnó Mhaigh Eo is encouraging everyone to spread the love through Irish this Valentine’s Day. Please click on the image below to find a selection of phrases and sayings to choose from and let's show our love in our native tongue. Why not also "Say it with Grá" on facebook, twitter and share your love for each other and the Irish language with everyone!

say it le grá