• Freda
  • Foilsithe Noll. 16, 2013

Shop 'n Spraoi na Nollag | Shop 'n Spraoi na Nollag

Bhí seastán ag Gnó Mhaigh Eo ag Shop 'n Spraoi na Nollag i gCathair na Mart ag an deireadh seachtaine. I measc ábhar ‘Déanta i Maigh Eo’ a bhí á ndíol bhí cártaí áille lámhdhéanta ag Loopy Lou agus ag Wild Ideas, bhí potaí suibhe ó Café Rua, leabhair Chló Mhaigh Eo agus éadaí T-Rex. In ainneoin na báistí agus na gaoithe, tháinig na daoine amach ina sluaite agus thug siad cuairt ar an margadh álainn seo.  Bhí seastáin ag gnólachtaí agus ceardaithe áitiúla, le bláthanna, seodra, éadaí, sólaistí agus neart eile ar díol. Bhí atmaisféar deas na Nollag le brath agus ba dheis iontach í bualadh le muintir Chathair na Mart agus le cuairteoirí araon. Gabhaimid buíochas le Cumann Tráchtála Chathair na Mart agus le Coiste Shop ‘n Spraoi na Nollag a d’oibrigh go díograiseach chun an margadh Nollag a eagrú.


Gnó Mhaigh Eo had a stall at the Shop ‘n Spraoi na Nollag in Westport at the weekend. Among the gifts and products all ‘Déanta i Maigh Eo’ which were on display and for sale were handmade greeting cards by Loopy Lou and Wild Ideas, pots of jams and relish from Café Rua, books from Cló Mhaigh Eo agus clothing from T-Rex. In spite of the wind and the rain, people came to visit this lovely festive market. Local businesses and craftspeople had stands displaying and selling flowers, jewellery, baked goods and lots more. There was a festive atmosphere around all weekend and it was a great opportunity to meet with both the people of Westport and visitors alike. We sincerely thank the Westport Chamber of Commerce and the Shop ‘n Spraoi na Nollag committee who worked very hard to bring this wonderful festive event to the town.