Béarla
Gnó Mhaigh Eo

Nuacht is Deanaí

Gráinne Mhaol V Banríon Éilís I, Oscailt Oifigiúil den Chlár Fichille Amuigh Faoin Spéir, Lána an Mhargaidh, Cathair na Mart, 5:00 p.m. De Satharn 27 Lúnasa 2011
Beidh Gráinne Mhaol agus an Bhanríon Éilís I ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís. Na céadta bliain i ndiaidh dóibh bualadh ar a chéile i Londain beidh an bheirt bhan cháiliúla ag troid in aghaidh a chéile arís, an uair seo is ar an gclár fichille a mbeidh siad.

Is é an Clár Fichille Amuigh Faoin Spéir ar Lána an Mhargaidh, an ionad siamsaíochta is úrnua i gCathair na Mart. Déanfar é a oscailt go hoifigiúil Dé Sathairn, 27 Lúnasa ag a 5:00 p.m. Beidh an tráthnóna lán le siamsaíocht i ndiaidh nochtadh na fir fichille adhmad. Bígí linn i gcomhair taispeántas fichille, ceachtanna fichille, ceol & cluichí cláir. Cuir ort d’éadaí ríoga agus tar gléasta suas mar Rí nó Banríon chun duais a bhuachan. Críochnófar an tráthnóna le cineama faoin spéir. Beidh fáilte is ‘fichille’ roimh cách idir sár-imreoirí fichille agus éinne nár leag lámh ar phíosa fichille riamh. (click for full article)

Lá Oidhreachta Chathair na Mart Dé Domhnaigh 7 Lúnasa 2011 12-5in
Bí linn ar Lá Oidhreachta na bliana seo, Lá Oidhreachta Chathair na Mart agus muid ag dul siar ar bhóithre na smaointe chun léargas a fháil ar an saol in Éirinn fadó. Beidh neart gníomhaíochtaí ar siúl don teaghlach go léir le héagsúlacht leathan siamsóirí ceoil, filíochta agus drámaíochta. Beidh an Meal i gCathair na Mart lán de cheardaithe agus iad ag díol a dtáirgí agus ag tabhairt léirsithe ar an tslí a dhéantaí rudaí fadó sula dtáinig an Ipod ar an saol!!! Beidh an Meal beo bríomhar ar feadh an lae le spinéir, lucht déanta ime, lucht déile adhmaid, criadóirí, déantóir stáin, caoladóirí, beachairí agus lucht déanta seodra.

(click for full article)

Cuir do ‘Gnó on Show’ ar Lá Fhéile Pádraig
Is é téama na bliana seo i gcomórtas ‘An Flóta is Fearr’ ar Lá Fhéile Pádraig i gContae Mhaigh Eo ná ‘Gnó on Show’. Is í an aidhm atá leis seo ná tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla trí a ngnó a chur ar taispeáint le linn na paráide. Tá Gnó Mhaigh Eo & Midwest Radio i gcomhar le heagraíochtaí an Chumainn Lucht Tráchtála agus coiste na Féile ag spreagadh gnólachtaí agus rannpháirtithe na bhflótaí oibriú i gcomhar le chéile i mbliana chun flótaí cruthaíocha, spreagúla agus lán le dathanna a chruthú chun gnólachtaí áitiúla a thaispeáint agus cur chuige comhpháirtíochta a chur chun cinn sna bailte. (click for full article)

Lá Oidhreachta Chathair na Mart 2010
Lá Oidhreachta Chathair na Mart os ár gcomhair (click for full article)

Oibrí Deonach: Riaradh Imeachta
Smaoineamh ar do phobal áitiúil (click for full article)

Comórtas Peile na Gaeltachta
Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i mBéal an Mhuirthead ar an deireadh seachtaine saoire i mí Meitheamh 2010. (click for full article)

Feabhra 2012
  su mo tu we th fr sa 
        1 2 3 4 
  5 6 7 8 9 10 11 
  12 13 14 15 16 17 18 
  19 20 21 22 23 24 25 
  26 27 28 29       
                
Imeachtaí -
Inniu -

Home About Us News Sevices Aistriuchain Gallery Directory Contact Us Links


Fáilte to Gnó Mhaigh Eo

Tá eolaire de Ghnólachtaí agus d’ eagraíochtaí i Maigh Eo a chuireann seirbhís ar fáil trí Ghaeilge seolta ag Gnó Mhaigh Eo. Cliceáil anseo chun an t-eolaire a fheiceáil.

Má tá tú in ann do sheirbhís a chur ar fáil  trí Ghaeilge agus má tá suim agat clárú leis an eolaire téigh i dteagmháil linn.


 

 

 

 

1 Sráid an Droichid, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo - Admin
098 26555 eolas at gnomhaigheo.ie