Béarla


Nuacht is Deanaí

Gradam Gnó le Gaeilge - Fógartha
Tá Gnó Mhaigh Eo i gcomhpháirtíocht lenár n-urraitheoirí ag seoladh comórtas do ghnólachtaí ar fud Mhaigh Eo. Is é Gradam Gnó le Gaeilge an t-ainm atá air agus tá sé oscailte do ghnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge ina ngnó. An bhfuil aithne agat ar aon ghnó inár féidir seirbhís a fháil trí Ghaeilge? Gnó ina labhraíonn an foireann Gaeilge leat? An bhfuil tú ar an eolas faoi ghnó a úsáideann comharthaíocht Gaeilge? Gnó a bhfuil cártaí gnó acu i nGaeilge? An bhfuil tú ar an eolas faoi aon ghnó a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid brandáil, ar a suíomh idirlín mar shampla?

Nó an bhfuil gnó agat féin? An mbaineann tú úsáid as an nGaeilge ar chór ar bith i do ghnó? Sa chomharthaíocht atá in úsáid agat mar shampla? An bhfuil aon chuid de do shuíomh idirlín i nGaeilge? An bhfuil duine ar bith ar d’fhoireann atá in ann an Ghaeilge a labhairt? An bhfuil aon táirgí Gaeilge á dhíol agat, leabhair, cluichí srl? Is féidir leat do ghnó féin nó gnó eile a ainmniú don ghradam seo. (click for full article)

Buaiteoirí fógartha don Labhair Gaeilge Liom Tóraíocht Taisce i gCathair na Mart
Tá áthas ar Gnó Mhaigh Eo a fhógairt gurbh iad Leah Moore, (Cathair na Mart) Amber Farrell, (An Mhala Raithní) Alanna Sheridan, (Cathair na Mart) Niamh Madden, (Cathair na Mart) Rosa Kinsella (Cathair na Mart) agus Michael Moore (Cathair na Mart) a bhuaigh duaiseanna sa “Labhair Gaeilge Liom” Tóraíocht Taisce a bhí eagraithe againn do Shop n’ Spraoi na Nollag. (click for full article)

Bronntanas na Teanga
An bhfuil Liosta na Nollag á scríobh agat? Ar smaoinigh tú ar Bhronntanas na Teanga a thabhairt dod’ chlann agus cairde an Nollaig seo? Is iomaí bréagán, leabhar agus bronntanas atá ar fáil i n Gaeilge le ceannach. Tá réimse leathan le roghnú ó Bábóg Baby - an béirín a labhraíonn Gaeilge, Scrabble as Gaeilge, eadaí le Gaeilge clóbhuailte orthu, féilirí, cártaí beannachta le Gaeilge, cúisíní le téacs Gaeilge orthu agus níos mó. (click for full article)

Fuinneog na Nollag - Buaiteoirí Fógartha
Ba mhaith le Gnó Mhaigh Eo comhghairdeas a ghabhail leis na gnólachtaí uile as páirt a ghlacadh i gcomórtas Fuinneog na Nollag mar chuid de cheiliúradh na Nollag i mbliana. Le cur isteach ar an gcomórtas seo, iarradh ar na gnólachtaí a gcuid fuinneoga a mhaisiú le téama na Nollag orthu ag úsáid an méid Gaeilge is féidir leo. Bhíomar an sásta leis an iarracht agus méid na n-iontrálacha. Is iad seo a leanas torthaí an chomórtais: (click for full article)

Folúntas: Riarthóir Oifige - Scéim Fostaíochta Pobail FÁS
Tá Riarthóir Oifige á lorg ag Gnó Mhaigh Eo ar Scéim Fostaíochta Pobail de chuid FÁS. Beidh an té a cheapfar ina c(h)ainteoir líofa Gaeilge agus lonnaithe i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Is í an aidhm atá ag Gnó Mhaigh Eo ná tacaíocht agus spreagadh a thabhairt don earnáil ghnó an Ghaeilge a úsáid ina gcuid gnó. Is fostóir comhionannais deise é Gnó Mhaigh Eo agus is í an Ghaeilge an teanga oibre.

Is iad príomhdhualgais an Riarthóra Oifige ná cúraimí laethúla na hoifige a riaradh faoi threoir an Stiúrthóra; tacaíocht a thabhairt don fhoireann ag cur tionscadail agus imeachtaí ar bun.

(click for full article)

Cuir do Ghnó On Show ar Lá Fhéile Pádraig

Comórtas don Flóta is Fearr
Is údar mórtais do Ghnó Mhaigh Eo agus Mid West Radio comórtas flóta dátheangach Lá Pádraig na bliana seo Cuir do Ghnó on Show a fhógairt mar chuid den tionscnamh An Flóta is Fearr. Is seans breise é an comórtas seo do ghrúpaí a bheidh ag glacadh páirte sa pharáid áitiúil Lá Fhéile Pádraig duais luach €250 a bhuachan as úsáid cruthaitheach na Gaeilge ina bhflóta agus iad ag cur a ngnó féin i láthair an tslua ag an am céanna. (click for full article)

Bealtaine 2013
  su mo tu we th fr sa 
        1 2 3 4 
  5 6 7 8 9 10 11 
  12 13 14 15 16 17 18 
  19 20 21 22 23 24 25 
  26 27 28 29 30 31   
                
Imeachtaí -
Inniu -
Home About Us News Sevices Aistriuchain Gallery Directory Contact Us Naisc


Bronnadh Gnó Mhaigh Eo le Gradam Barr 50 Gnó le Gaeilge
Barr 50 Gnó le Gaeilge
An Cupán Eolais
An Cupán Eolais
Noreen Sadler
Taispeántas Noreen Sadlerr
Nuacht

Cuir do Ghnó On Show ar Lá Fhéile Pádraig

Comórtas don Flóta is Fearr
Is údar mórtais do Ghnó Mhaigh Eo agus Mid West Radio comórtas flóta dátheangach Lá Pádraig na bliana seo Cuir do Ghnó on Show a fhógairt mar chuid den tionscnamh An Flóta is Fearr. Is seans breise é an comórtas seo do ghrúpaí a bheidh ag glacadh páirte sa pharáid áitiúil Lá Fhéile Pádraig duais luach €250 a bhuachan as úsáid cruthaitheach na Gaeilge ina bhflóta agus iad ag cur a ngnó féin i láthair an tslua ag an am céanna.

Mar sin, má bhíonn sibh páirteach i bhflóta Lá Pádraig, cinntigh go mbeidh an flóta i nGaeilge agus i mBéarla araon trí leaganacha Gaeilge a chur ar taispeáint agus ar an tslí sin beidh deis agat duais eile a bhuachan freisin. Ní gá duit an méid atá ann i mBéarla cheana féin a aistriú. Ach b’fhéidir go mbeidh manaí, leaganacha cainte nua nó seanfhocail mar chabhair chun cur leis an eolas atá ann faoi do théama nó fút féin agus ar an tslí sin beidh rud éigin nua mar ábhar spéise ag an lucht féachana. Toisc go mbeidh an t-ábhar a bheidh i nGaeilge éagsúil ón mBéarla, spreagfaidh sé daoine iarracht a dhéanamh an t-eolas a bheith acu agus beidh píosa spraoi leis sin. Tabharfaidh Gnó Mhaigh Eo comhairle maidir le litriú agus cúrsaí gramadaí srl.

Is éard atá i gceist le ‘Cuir do Ghnó on Show’ cuidiú le go mbeidh an Ghaeilge agus do ghnó áitiúil le feiceáil in éineacht. Mar shampla, an bhfuil siopa nó óstán a chuidíonn/a thacaíonn le do ghrúpa nó do scoil i rith na bliana. Má tá, cuidigh leosan trí ainm an ghnó a chur ar taispeáint ar d’fhlóta! Bí i dteagmháil le do choiste áitiúil, leis na Cumainn Tráchtála nó le Gnó Mhaigh Eo (098 26555) maidir le conas clárú i do cheantar féin. Éireoidh leis an bhflóta is fearr a léiríonn an úsáid is cruthaitheach as teanga na Gaeilge agus an cur chuige comhpháirtíochta is fearr mar atá léirithe thuas idir grúpaí gnó agus grúpaí pobail áitiúla, cibé más sin clubanna spóirt, carthanachtaí, eagraíochtaí nó scoileanna, an gradam ‘An Flóta is Fearr’ a thabhairt leo i ngach baile i Maigh Eo.

Tá an comórtas seo á rith i gcomhar le Coistí na gCumann Tráchtála & Coistí Paráid na Féile i mbailte ar fud an chontae agus bronnfar duais €250 ar gach buaiteoir i ngach baile. Seo a leanas na bailte a bheidh rannpháirteach Béal an Átha, Béal an Mhuirthead, Caisleán an Bharraigh, Baile Chathail, Clár Chlainne Mhuiris, Coillte Mach, Béal Átha na Muice agus Cathair na Mart. Roghnófar buaiteoir contae freisin ó bhuaiteoirí na mbailte éagsúla agus buafaidh an buaiteoir contae sin pacáiste fógraíochta dátheangach luach €500 ó Midwest Radio.

Is é misean Gnó Mhaigh Eo tacaíocht agus spreagadh a thabhairt don earnáil ghnó i Maigh Eo an Ghaeilge a úsáid mar uirlis ghnó atá fiúntach agus brabúsach agus íomhá dátheangach a chruthú sa chontae.

Gradam Gnó le Gaeilge - Fógartha
Tá Gnó Mhaigh Eo i gcomhpháirtíocht lenár n-urraitheoirí ag seoladh comórtas do ghnólachtaí ar fud Mhaigh Eo.

Is é Gradam Gnó le Gaeilge an t-ainm atá air agus tá sé oscailte do ghnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge ina ngnó. An bhfuil aithne agat ar aon ghnó inár féidir seirbhís a fháil trí Ghaeilge? Gnó ina labhraíonn an foireann Gaeilge leat? An bhfuil tú ar an eolas faoi ghnó a úsáideann comharthaíocht Gaeilge? Gnó a bhfuil cártaí gnó acu i nGaeilge? An bhfuil tú ar an eolas faoi aon ghnó a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid brandáil, ar a suíomh idirlín mar shampla?

Nó an bhfuil gnó agat féin? An mbaineann tú úsáid as an nGaeilge ar chór ar bith i do ghnó? Sa chomharthaíocht atá in úsáid agat mar shampla? An bhfuil aon chuid de do shuíomh idirlín i nGaeilge? An bhfuil duine ar bith ar d’fhoireann atá in ann an Ghaeilge a labhairt? An bhfuil aon táirgí Gaeilge á dhíol agat, leabhair, cluichí srl? Is féidir leat do ghnó féin nó gnó eile a ainmniú don ghradam seo.

Is fiú luach níos mó na €7000 na duaiseanna seo. I measc na nduaiseanna a bheidh ann beidh fógraíocht leis an Mayo Advertiser, fógraíocht le Mid West Radio, dearadh agus clódóireacht le Cashin Print, cúrsa traenála le Bord Fiontar Contae Mhaigh Eo agus cúrsa Gaeilge le Gnó Mhaigh Eo.

Seans go bhfuil tú ag smaoineamh ‘cén fáth ar chór dom an Ghaeilge a úsáid i mo Ghnó?’ Tá neart buntáistí ann - Cruthaíonn an Ghaeilge íomhá ar leith agus taispeánann sé do dhaoine go bhfuil tú ag cur seirbhís ar ardchaighdeán ar fáil. Cabhraíonn an Ghaeilge íomhá an ghnó a chruthú mar chomhlacht Éireannach. Is í ár dteanga oifigiúil í agus léiríonn fógraí dátheangacha ár bhféiniúlacht mar thír.

Má tá tú ar aon eolas faoi aon ghnó a cheapann tú a bheidh oiriúnach don ghradam seo, nó má cheapann tú go bhfuil do ghnó féin i dteideal an ghradaim seo, líon isteach an fhoirm iarratais gan mhoill. Caithfidh na foirmeacha iarratas bheith istigh roimh 11 Eanáir 2013. Ba chóir na foirmeacha a sheoladh chuig: Gnó Mhaigh Eo 1 Sráid an Droichid Cathair na Mart Co. Mhaigh Eo

Buaiteoirí fógartha don Labhair Gaeilge Liom Tóraíocht Taisce i gCathair na Mart
Tá áthas ar Gnó Mhaigh Eo a fhógairt gurbh iad Leah Moore, (Cathair na Mart) Amber Farrell, (An Mhala Raithní) Alanna Sheridan, (Cathair na Mart) Niamh Madden, (Cathair na Mart) Rosa Kinsella (Cathair na Mart) agus Michael Moore (Cathair na Mart) a bhuaigh duaiseanna sa “Labhair Gaeilge Liom” Tóraíocht Taisce a bhí eagraithe againn do Shop n’ Spraoi na Nollag.

Bhí ar gach iomaitheoir labhairt as Gaeilge leis na siopadóirí chun freagair na ceiste a fháil. Ba iarracht í sin le cur in iúl do dhaoine óga gur féidir leo an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil agus spraoi a bhaint aisti. Chomh maith leis sin thug sé deis do na siopadóirí a gcúpla focal a úsáid.

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár n-urraitheoirí ar fad a thug dearbháin mar duaiseanna agus a rinne iarracht an Ghaeilge a úsáid don deireadh seachtaine - Treacys Pharmacy, The Seafood Shop, McLoughlins Bookshop, Westport Framing, Dyers Jewellwers, The Bookshop, High Tide, Supervalu, Kaleidoscope, Boutique Colette, O’Cees Coffee Shop, Candylicious agus Teddy Mountain. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa Tóraíocht Taisce agus guímid Nollaig Shona oraibh go léir.

Bronntanas na Teanga
An bhfuil Liosta na Nollag á scríobh agat? Ar smaoinigh tú ar Bhronntanas na Teanga a thabhairt dod’ chlann agus cairde an Nollaig seo? Is iomaí bréagán, leabhar agus bronntanas atá ar fáil i n Gaeilge le ceannach. Tá réimse leathan le roghnú ó Bábóg Baby - an béirín a labhraíonn Gaeilge, Scrabble as Gaeilge, eadaí le Gaeilge clóbhuailte orthu, féilirí, cártaí beannachta le Gaeilge, cúisíní le téacs Gaeilge orthu agus níos mó.

B’fhéidir gur mhaith leat cabhrú le duine éigin a gcuid Gaeilge a fheabhsú nó gur mhaith leat bealach lán le spraoi a léiriú dóibh le pointí tábhachtacha a bhaint amach sa bhéaltriail. Céard faoi dearbhán le haghaidh cúrsa samhraidh i gceann de na Coláistí Samhraidh atá lonnaithe i Maigh Eo a fháil dóibh - Coláiste MhuighEo, Coláiste Riocard Bairéad, Coláiste Acla nó U.I.S.C.E, nó dearbhán le haghaidh ranganna le Conradh na Gaeilge – beidh siad ag foghlaim gan dua.

Tá Gnó Mhaigh Eo ag obair i gcomhar lena siopaí áitiúla sa bhfeachtas seo Bronntanas na Teanga - Give the gift of Gaeilge. Bí ag faire amach do na póstaeir Bronntanas na Teanga i do shiopa leabhair nó bréagáin áitiúil i mBéal an Átha, Caisleán an Bharraigh, Clár Chlainne Mhuiris agus Cathair na Mart, agus buail isteach chucu. Beidh na táirgí le díol freisin ag an seastán ‘Bronntanas na Teanga’ ag Shop n’ Spraoi na Nollag i gCathair na Mart, nó in oifig Gnó Mhaigh Eo ag 1 Sráid an Droichid, Cathair na Mart.

Níos fearr fós, tacaigh le gnóthaí Mhaigh Eo agus déan rogha as na leabhair áille atá ag Cló Mhaigh Eo , foilsitheoir as Clár Chlainne Mhuiris nó na cártaí beannachta dátheangacha atá ar fáil ó Wild Ideas, Béal an Átha nó Marian Heneghan nó fiú féilire álainn a fháil ó Lynda Huxley. Is féidir leat CD breá le ceol ó Mhaigh Eo - Glór Mhaigh Eo, Ceol agus Ealaíon nó An Máinséar le Cór Cheathrú Thaidhg mar shampla.

Tá socraithe déanta ag Gnó Mhaigh Eo le cuid mhaith soláthraithe go mbeidh na táirgí seo ar fáil i do cheantar. Má bhíonn aon deacracht agat teacht orthu, nó más maith leat liosta de tháirgí Gaeilge, cur scairt orainn ar 098 26555 nó seol ríomhphost chugainn ag gno@gnomhaigheo.ie.

Fuinneog na Nollag - Buaiteoirí Fógartha
Fuinneog na Nollag - Buaiteoirí Fógartha Ba mhaith le Gnó Mhaigh Eo comhghairdeas a ghabhail leis na gnólachtaí uile as páirt a ghlacadh i gcomórtas Fuinneog na Nollag mar chuid de cheiliúradh na Nollag i mbliana. Le cur isteach ar an gcomórtas seo, iarradh ar na gnólachtaí a gcuid fuinneoga a mhaisiú le téama na Nollag orthu ag úsáid an méid Gaeilge is féidir leo. Bhíomar an sásta leis an iarracht agus méid na n-iontrálacha.

Is iad seo a leanas torthaí an chomórtais: · Béal an Átha 1ú áit Rouses Bar · Béal Átha hAmhnais 1ú áit Eddie Murphy Menswear, 2ú áit Ballyhaunis Credit Union, 3ú áit Delaneys · Caisleán an Bharraigh 1ú áit The Mood Gallery, 2ú áit The Galway Roast, agus the Upper Crust, 3ú áit Material Needs · Clár Chlainne Mhuiris 1ú áit The Wired Willow Cafe · Baile Chathail 1ú áit Cassidy Motors, 2ú áit Collerans Pharmacy, 3ú áit Byrnes Meat Market · Coillte Mach 1ú áit Realta Photography · Cathair na Mart 1ú áit O’Cee’s Coffee Shop, 2ú áit The Linenmill, 3ú áit McDermott Travel Bhuaigh seacht gnó an chéad áit sa chomórtas. Chomh maith le téama na Féile, léirigh siad ceangal idir Gaeilge agus a gcuid gnó móide le beannachtaí do na gcustaiméirí agus iad trí Ghaeilge.

Iarradh go bhfágfaí na fuinneoga gléasta le linn séasúr na Nollag sa dóigh go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ag muintir na háite. Ba bhreá linn go spreagfadh an comórtas seo na gnólachtaí chun smaoineamh ar an Ghaeilge a úsáid go rialta agus iad ag maisiú a gcuid fuinneoga.

Folúntas: Riarthóir Oifige - Scéim Fostaíochta Pobail FÁS
Tá Riarthóir Oifige á lorg ag Gnó Mhaigh Eo ar Scéim Fostaíochta Pobail de chuid FÁS. Beidh an té a cheapfar ina c(h)ainteoir líofa Gaeilge agus lonnaithe i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo.

Is í an aidhm atá ag Gnó Mhaigh Eo ná tacaíocht agus spreagadh a thabhairt don earnáil ghnó an Ghaeilge a úsáid ina gcuid gnó. Is fostóir comhionannais deise é Gnó Mhaigh Eo agus is í an Ghaeilge an teanga oibre.

Is iad príomhdhualgais an Riarthóra Oifige ná cúraimí laethúla na hoifige a riaradh faoi threoir an Stiúrthóra; tacaíocht a thabhairt don fhoireann ag cur tionscadail agus imeachtaí ar bun.

Dualgaisí

• Tacaíocht riaracháin a thabhairt don Oifigeach Forbartha & don Phríomhfheidhmeannach

• Bunachair shonraí & córais inmheánacha a choinneáil suas chun dáta

• Freastal ar fhiosrúcháin ón bpobal

• Córas Cuntasaíochta a bhainistiú agus a choinneáil suas chun dáta

• Cabhair agus tacaíocht le himeachtaí agus tionscadail

• Meáin Shóisialta a choinneáil suas chun dáta

Sonraí Pearsanta
• Ardchaighdeán Gaeilge agus Béarla idir scríofa agus labhartha riachtanach

• Cumas i bPacáistí MS Office

• Bunthuiscint ar chúrsaí cuntasaíochta

• Taithí a bheith ag obair in oifig, le hardscileanna eagrúcháin

• Ardscileanna idirphearsanra agus seirbhís custaiméara

• Bheith in ann a c(h)uid oibre a chur in ord tosaíochta agus cloí le spriocanna ama

• Bheith in ann obair as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann

• Bheadh taithí i dtaobh bainistiú imeachtaí nó a bheith ag obair leis an lucht gnó ina mbuntáiste.

• Bheadh cáilíocht ábhartha tríú leibhéal agus ceadúnas tiomána ina mbuntáiste.

Íocfar liúntas breise i dtaobh costais taistil agus chothaithe don té a cheapfar. Iarratais ó iarrthóirí a gcomhlíonann critéir na scéime FP amháin.

Tá tuilleadh eolais faoin deis seo le fáil ar shuíomh idirlín FÁS - Tag. ES-680468

Gráinne Mhaol V Banríon Éilís I, Oscailt Oifigiúil den Chlár Fichille Amuigh Faoin Spéir, Lána an Mhargaidh, Cathair na Mart, 5:00 p.m. De Satharn 27 Lúnasa 2011
Beidh Gráinne Mhaol agus an Bhanríon Éilís I ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís. Na céadta bliain i ndiaidh dóibh bualadh ar a chéile i Londain beidh an bheirt bhan cháiliúla ag troid in aghaidh a chéile arís, an uair seo is ar an gclár fichille a mbeidh siad.

Is é an Clár Fichille Amuigh Faoin Spéir ar Lána an Mhargaidh, an ionad siamsaíochta is úrnua i gCathair na Mart. Déanfar é a oscailt go hoifigiúil Dé Sathairn, 27 Lúnasa ag a 5:00 p.m. Beidh an tráthnóna lán le siamsaíocht i ndiaidh nochtadh na fir fichille adhmad. Bígí linn i gcomhair taispeántas fichille, ceachtanna fichille, ceol & cluichí cláir. Cuir ort d’éadaí ríoga agus tar gléasta suas mar Rí nó Banríon chun duais a bhuachan. Críochnófar an tráthnóna le cineama faoin spéir. Beidh fáilte is ‘fichille’ roimh cách idir sár-imreoirí fichille agus éinne nár leag lámh ar phíosa fichille riamh.

Is í Úna O Boyle a osclóidh ‘Ficheall Shaor Amuigh Faoin Spéir’ go hoifigiúil. Is seampín fichille í Úna, a scríobh an chéad leabhar fichille riamh sa Ghaeilge ‘Ficheall’ a fhoilsíodh le déanaí. Léiríodh í agus an leabhar nua ar an gclár RTÉ Nationwide le déanaí. Is príomh amhránaí í leis an ngrúpa ceoil cumaisc ceilteach Hyper[borea] a bhfuil go leor gradam bainte amach acu go hidirnáisiúnta.

Beidh ranganna fichille agus moltaí do thosaitheoirí agus dhíograiseoirí á chur ar fáil ar an lá ag Club Fichille Chathair na Mart. Taispeánfaidh siad a scileanna ar na cearnóga dhubha agus bhána le cluiche fichille samplach agus Dúshlán an Ardmháistir. Beidh duaiseanna ann chomh maith do na bearta fichille is fearr.

Tá an clár fichille lasmuigh lonnaithe ar Lána an Mhargaidh agus beidh sé ar oscailt don phobal ó 10:00am do 5:00pm saor in aisce. Coimisiúnaíodh Craobh Eo le na fir fichille adhmad seo atá suas le dá throigh in airde a dheileadh le lámh as Dhair Éireannach agus Ghiúis Dhúghlais. Dhear DLMDeisgn na píosaí fichille le comóradh a dhéanamh ar stair na háite. Tá an dá bhanríon bunaithe ar an laoch áitiúil Gráinne Mhaol agus ar an mBanríon Éilís I agus is samhail iad na caisil de Chaisleán Ghráinne Mhaol, Carraig an Chabhlaigh agus gnáth Chaisleán Normannach. Tá na fir fichille inscríofa lena n-ainmneacha i nGaeilge.

Is tionscnamh áitiúil é seo de chuid Cumainn Lucht Ghnó Lána an Mhargaidh i gcomhpháirtíocht le Gnó Mhaigh Eo, Bláthanna Brawn, DLM Design agus deileadóirí adhmaid Craobh Eo. Is é seo an chéad clár fichille dá leithéid sa tír seo. Tá súil againn go gcuirfidh sé Lána an Mhargaidh chun cinn mar áit chultúrtha dhátheangach.

Chuir David Le Masney, DLM Design & Tom Brawn, Bláthanna Brawn tús leis an tionscnamh seo i ndiaidh do David clár fichille a fheiceáil lasmuigh ar fud na hEorpa. Tá gnólachtaí ag an mbeirt acu in aice leis an gclár fichille. Dar le Anna Ní Chárthaigh, Gnó Mhaigh Eo, “Tá an-áthas orainn a bheith in ann nasc a cruthú le deileadóirí Craobh Eo. Ta roinnt dá cuid ball ag úsáid na Gaeilge le héagsúlacht a dhéanamh ar a gcuid táirgí agus le custaiméirí a mhealladh.”

Is ball de dheileadóirí Craobh Eo é Willie Creighton atá ag úsáid na Gaeilge le margadh nideoige a chruthú ina ghnó. D’éirigh leis a ghnó a éagsúlú trí cheardlanna dhátheangacha a fhorbairt. Míníonn sé stair ainmneacha na n-uirlisí agus cineálacha adhmad trí Ghaeilge. Déanfaidh Willie taispeántas ar lá na hoscailte ar an dóigh ina ndearnadh sé na píosaí fichille. Tá bróisiúir agus fógraíocht dhátheangach in úsáid ag Willie. Cosúil le gnólachtaí eile anois aithníonn Willie gur féidir leis an nGaeilge custaiméirí a mhealladh. Cuireann Gnó Mhaigh Eo comhairle, tacaíocht agus seirbhís aistriúcháin ar fáil do ghnólachtaí a bhfuil suim acu an Ghaeilge a úsáid ina gcomharthaíocht, bhfógraíocht, bpacáistiú agus ar suíomhanna idirlíon. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Gnó Mhaigh Eo ag eolas@gnomhaigheo.ie nó ar 098-26555. Le ceisteanna faoin gclár fichille is féidir teagmháil a dhéanamh le David Le Masney, DLMDesign ag david@dlmdesign.ie, 085-1667052.

Lá Oidhreachta Chathair na Mart Dé Domhnaigh 7 Lúnasa 2011 12-5in
Bí linn ar Lá Oidhreachta na bliana seo, Lá Oidhreachta Chathair na Mart agus muid ag dul siar ar bhóithre na smaointe chun léargas a fháil ar an saol in Éirinn fadó. Beidh neart gníomhaíochtaí ar siúl don teaghlach go léir le héagsúlacht leathan siamsóirí ceoil, filíochta agus drámaíochta. Beidh an Meal i gCathair na Mart lán de cheardaithe agus iad ag díol a dtáirgí agus ag tabhairt léirsithe ar an tslí a dhéantaí rudaí fadó sula dtáinig an Ipod ar an saol!!! Beidh an Meal beo bríomhar ar feadh an lae le spinéir, lucht déanta ime, lucht déile adhmaid, criadóirí, déantóir stáin, caoladóirí, beachairí agus lucht déanta seodra. Le taispeántas ollmhór de Charranna Seanré, Gluaisrothair Honda 50, Súisteálaithe agus Tarracóirí ar an bhFaiche Aonaigh, is cinnte go mbainfidh gach aon duine sult as an lá seo i gCathair na Mart.

Ní hamháin go mbeidh feirm ag an Lá Oidhreachta seo ach beidh taispeántas ann do na hainmhithe a mhaireann in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Beidh ealaíontóirí áitiúla, ina measc Céilí Sráide le Banna Ceoil Matt Cunningham agus Damhsa ar an Sean-Nós agus Damhsa Seit ar stáitse.

Beidh Siamsaíocht ann do Leanaí lena n-áirítear Seónna Seanchais Idirghníomhacha faoi Chú Chulainn agus Gráinne Mhaol, Léamha Filíochta, Drámaí agus Dráma Puipéad.

Beidh Turais Stairiúla Threoirithe ar siúl ar feadh an lae chun léargas éagsúil a fháil ar Chathair na Mart.

Beidh an lá lán le gníomhaíochtaí agus cead isteach saor in aisce. Mar sin, ná cailligí lá iontach don teaghlach ar fad. Beidh dhá Chomórtas ar siúl ar an lá... Comórtas Buscála le Ceol Traidisiúnta agus Comórtas don Duine is Fearr Gléasta in Éadaí Oidhreachta . Duaiseanna iontacha le buachan!!! Má tá aon cheoltóir amuigh ansin, ná déan dearmad do bhosca ceoil a thabhairt leat agus sráideanna Chathair na Mart a chur ag damhsa arís!

Chun páirt a ghlacadh, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le Coiste Lá Oidhreachta Chathair na Mart. Fón; 098 27375, 098 26555, Ríomhphost; westportheritageday@gmail.com Láithreán Gréasáin; www.westportmusicfesival.com

Cuir do ‘Gnó on Show’ ar Lá Fhéile Pádraig
Is é téama na bliana seo i gcomórtas ‘An Flóta is Fearr’ ar Lá Fhéile Pádraig i gContae Mhaigh Eo ná ‘Gnó on Show’. Is í an aidhm atá leis seo ná tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla trí a ngnó a chur ar taispeáint le linn na paráide. Tá Gnó Mhaigh Eo & Midwest Radio i gcomhar le heagraíochtaí an Chumainn Lucht Tráchtála agus coiste na Féile ag spreagadh gnólachtaí agus rannpháirtithe na bhflótaí oibriú i gcomhar le chéile i mbliana chun flótaí cruthaíocha, spreagúla agus lán le dathanna a chruthú chun gnólachtaí áitiúla a thaispeáint agus cur chuige comhpháirtíochta a chur chun cinn sna bailte.

Deir Tom Canavan, Uachtarán Chumann Lucht Tráchtála Chaisleán an Bharraigh go mbeidh cur chuige gnó na bliana seo mar chabhair do ghnólachtaí páirt a ghlacadh sna paráidí agus le cúnamh agus tacaíocht ó eagraíochtaí, clubanna spóirt agus scoileanna áitiúla gur chóir go mbeadh i bhfad níos mó flótaí ar taispeáint i ngach baile sa chontae i mbliana.

Is iad seo a leanas na bailte a bheidh rannpháirteach sa chomórtas ‘An Flóta is Fearr’ sna paráidí ar Lá Fhéile Pádraig, Baile Chathail, Béal an Átha, Béal an Mhuirthead, Caisleán an Bharraigh, Clár Chlainne Mhuiris, Coillte Mach, Béal Átha na Muice agus Cathair na Mart. Ba mhaith linn buíochas a ghabhail chuig an TF Royal Theatre don ionad agus do ‘Mayo Arts Squad’ as na aíonna ‘Kurt Cobain & Bob Marley’ a raibh inár láthair ag an seoladh.

Go dtí seo bhíodh go leor deacrachtaí ag roinnt maith gnólachtaí páirt a ghlacadh sna flótaí sna paráidí ar Lá Fhéile Pádraig toisc nach mbíodh dóthain daoine acu chun an flóta a chruthú ná an flóta a eagrú ar an lá féin fiú. Tá spreagadh á thabhairt againn do na pobail áitiúla i mbliana chun tacaíocht a thabhairt do na gnólachtaí áitiúla agus flóta a chruthú trí oibriú i gcomhar le chéile. Tá duaischiste €2,500 mar aon leis an teideal ‘An Flóta is Fearr i Maigh Eo’ le buachan.

Éireoidh leis an bhflóta is fearr a léiríonn an úsáid is cruthaitheach as teanga na Gaeilge agus an cur chuige comhpháirtíochta is fearr idir gnólachtaí agus grúpaí pobail áitiúla, cibé más sin clubanna spóirt, carthanachtaí, eagraíochtaí nó scoileanna, an gradam ‘An Flóta is Fearr’ a thabhairt leo i ngach baile.

Cuirfear na grianghraif de gach buaiteoir ar leith ó na bailte éagsúla ar aghaidh chuig painéal moltóirí agus bronnfaidh Mid West Radio an gradam don ‘Flóta is Fearr i Maigh Eo’ mar aon le pacáiste fógraíochta ar an ngnó agus ar an ngrúpa a mbeidh an bua acu chun go mbeidh deis acu iad féin a chur chun cinn.

Céard atá le déanamh chun páirt a ghlacadh?

1. Get in touch with your local business or organisation to arrange the partnership - Bí i dteagmháil le do ghnó áitiúil nó le heagraíocht ar leith sa bhaile

2. Contact your town festival committee to register - Cláraigh le do choiste áitiúil

3. Create your float & showcase your local business/organisation name, use some Irish & be creative - Úsáid ainm do ghnó/eagraíocht, an Ghaeilge agus bí nuálaíoch

4. Take photos and upload on Gnó Mhaigh Eo’s Facebook site or email it to eolas@gnomhaigheo.ie - Glac grianghraif agus seol chugainn iad

5. The Local Town Committee will award the Town winner a cheque for €250 - Duais €250 do gach buaiteoir áitiúil

6. Midwest Radio will award the overall County winner with a prize of an advertising package worth €500 on the radio station. So make sure you take photos as the panel of judges will be viewing these photos to make their decision on the overall Flóta is Fearr in Mayo!! - Duais iontach fógraíochta seo don ghnó agus an eagraíocht

In order to qualify a Business must be involved in some way with the School, Charity, Sports Club or Organisation. Ádh mór agus bain sult as an lá.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le do thoil le do Choiste Féile áitiúil nó le Gnó Mhaigh Eo ag eolas@gnomhaigheo.ie nó glaoigh ar 098-26555.

Lá Oidhreachta Chathair na Mart 2010
Beidh Lá Oidhreachta Chathair na Mart ar siúl ar an Domhnach an 8ú Lúnasa ón 2- 5in. mar chuid de Fhéile Cheoil Chathair na Mart. Cuirfidh sé deireadh beomhar le himeachtaí na seachtaine.

Is iad an Heather Breeze Céilí Band a bheidh ag cuir an cheoil agus na siamsaíochta ar fáil i mbliana. Beidh urlár mór ar an sráid le haghaidh an chéilí mar sin cuir snas ar do bhróga damhsa agus taispeáin do haon, dó, trí ar an lá. Beidh taispeántais cheardaíochta ar siúl ar feadh an lae. Ina measc iad seo beidh sníomhadóireacht, feiltbhrat, déanamh ciseáin agus cniotáil.

Gheobhaidh cuairteoirí deis an bia a bhí an-choitianta fadó ar nós subh bhaile, seatnaí, aráin agus neart eile a bhlaiseadh.

Beidh Clew Bay Heritage Centre ag cuir siúlóidí oidhreachta ar siúl ar feadh an lae ag taispeáint gach gné de stair Chathair na Mart.

Tabharfaidh Lá Oidhreachta ar ais ar bhóthar na smaointe tú agus beidh neart le féiceáil agus le déanamh ar do bhealach. Tagaigí ann agus ná déanaigí dearmad ar bhur mbrógaí damhsa! Tuilleadh eolais ar fáil ó ‘Gnó Mhaigh Eo’ ar 098 26555 nó ar eolas@gnomhaigheo.ie

Oibrí Deonach: Riaradh Imeachta
An bhfuil suim agat i : Cultúr&Imeachtaí Oidhreachta Ceardaíocht&Taispeantas Ceardlanna Ceardlann Traidisúnta Le haghaidh tuilleadh eolais seol ríomhphoist chuig eolas@gnomhaigheo.ie or 098 26555

Comórtas Peile na Gaeltachta
Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i mBéal an Mhuirthead ar an deireadh seachtaine saoire i mí Meitheamh 2010. Tagann foirne agus a lucht tacaíochta ó na ceantair Gaeltachta ar fud na tíre le haghaidh an comórtas Peile Gaelach seo. Is gné fíor thábhachtach í do ghnó agus tú féin chun déanamh cinnte go n-éireoidh leis an gComórtas seo. Tá geilleagar Iorrais ag braith go mór ar thurasóirí agus ar chuairteoirí chun é a choinneáil slán. Táthar ag súil go mbeidh 10,000 Gaeilgeoirí ag tabhairt cuairte ar Béal an Mhuirthead don deireadh seachtaine sin. Is í seo do dheis chun a thaispeáint do na ceantair Gaeltachta eile gach á bhfuil le hofráil ag Iorras. Tá Údarás na Gaeltachta, CLG Béal an Mhuirthead & Erris Chamber ag iarraidh ort, na gnólachtaí i Maigh Eo an Ghaeilge a húsáid i bhur n-ábhair margaíochta agus fógraíochta. Cuireann Gnó Mhaigh Eo seirbhísí aistriúcháin, comhairleacha agus tacaíochta ar fáil do ghnólachtaí a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a húsáid ina ngnó. Tá Gnó Mhaigh Eo sásta a seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil saor in aisce don chomórtas seo. Más biachlár dátheangach, comharthaíocht, fógraíocht fuinneoga, postaer nó cibé rud eile atá uait, táimid sásta cabhrú libh an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí i bhur ngnó.

Gairdín, Glas agus Gaeilge- An Flóta is Fearr i Maigh Eo
Bhí Gaeilge le feiceáil i ngach paráid Lá Fhéile Pádraig i Maigh Eo mar gheall ar ‘An Flóta is Fearr’, duais don flóta dátheangach is fearr. D’eagraigh Gnó Mhaigh Eo i gcomhpháirtíocht le Cumann Trádála Bhéal An Átha, Caisleán an Bharraigh, Baile an Cathail, Clár Chlainne Mhuiris, Béal Átha na Muice, Cathair na Mart agus IRD Coillte Mach an comórtas seo. Chuir Gnó Mhaigh Eo €250 ar fáil mar dhuais do ghach baile a thóg páirt agus iontráladh isteach sa chomórtas Contae iad. Is é Midwest Radio a rinne urraíocht ar dhuais An Flóta is Fearr i Maigh Eo. ‘Bhí sé iontach go raibh an oiread flótaí cruthaitheacha le Gaeilge le feiceáil sna paráid ar fud Mhaigh Eo. Is í an aidhm a bhí leis an tionscadal seo ná íomhá dhátheangach a chruthú ar fud Mhaigh Eo ar Lá Fhéile Pádraig’ a dúirt Anna Ní Chárthaigh, Gnó Mhaigh Eo. Thug na flótaí dátheangacha gné chultúrtha spleodrach do Lá Fheile Pádraig. Bhí an-chuid iontrálacha dátheangacha ann idir Uabhar an Cheantair, Taisteal níos Cliste, Draíocht na Scannáin agus an Pobal ag Obair le Chéile. Is iad seo a leanas buaiteoirí na bparáidí a bhí páirteach: Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart, Gairdín Glas, Caisleán An Bharraigh, Muintir Cloonloyon , Baile an Cathail, Gaelscoil Uileog de Burca, Clár Chlainne Mhuiris, Scoil Náisiúnta Muire & Treasa Béal Átha na Muice, Scoil Náisiúnta Bohola, Coillte Mach agus Scoil Náisiúnta Breaffy, Béal an Átha. Sheas an Gairdín Glas ó Chaisleán an Bharraigh amach mar bhuaiteoir ‘An Flóta is Fearr i Maigh Eo’ agus d’fhógraíodh é ar seó Tommy Marren ar Midwest Radio le déanaí. Is garraíodóir tírdhreacha áitiúla é Tom O Toole, Gairdín Glas. Ar an lá, bhí flóta breá mór aige ina raibh gairdín beag le clocha áitiúla ó Bhaile an Tobair ina dhearadh cruthaitheach aige. Bhí an Ghaeilge fite fuaite ina ghairdín le phrásaí cosúil le ‘Crann sa Ghairdín, O2 san aer’ agus ‘Bígí Glas’ le feiceáil ar fud an flóta. Sheinm Tom ceol traidisiúnta beo ar an bhflóta freisin agus chuir sé sin go mór leis an atmaisféar ar an lá. Dúirt Tom gur deis iontach a bhí anseo chun a ghnó a chur os comhair an phobail agus úsáid a bhaint as an nGaeilge, ár dteanga dúchasach. Freisin, luaigh Tom “There’s nothing better than to win a prize for something you really believe in and have a passion for, for me it’s Gardens, Green & Gaeilge.”

Rith 2010
Inniu in Áras an Uachtaráin, bhronn An tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa teachtaireacht dóchais don Ghaeilge ar Rith 2010 - teachtaireacht a bheidh taobh istigh de bhata sealaíochta a bheidh á n-iompar ag na rannpháirtithe le linn Rith 2010. Tosóidh Rith 2010 ar an 9 Márta i mBéal Feirste agus críochnóidh sé ar Lá Fhéile Pádraig i nGaillimh, mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge.

Tagann an smaoineamh taobh thiar de Rith 2010 ón bhféile Korrika a tharlaíonn gach dara bliain i dTír na mBascach ó 1980. An bhliain seo caite ghlac 600,000 duine páirt i Korrika agus bíonn ceol agus imeachtaí cultúrtha lárnach sa bhféile chéanna.

“Táimid lán-sásta gur thug An tUachtarán a tacaíocht dúinn trí bualadh linn inniu agus an teachtaireacht a scríobh dúinn,” a dúirt Siobhán Seoighe, Bainisteoir Imeachta, Rith 2010. “Táimid uilig ag tnúth go mór leis an teachtaireacht a chloisteáil ar Lá Fhéile Pádraig i nGaillimh. Tá sé feicthe againn mar a dhéanann Tír na mBascach ceiliúradh ar a gcuid teanga agus cultúr ar na sráideanna agus shocraíomar é a thriail anseo in Éirinn. Is ceiliúradh é seo ina mbeidh na mílte duine in ann a mbród a léiriú i leith na Gaeilge,” a dúirt sí.

Is féidir le grúpaí pobail, scoileanna, clubanna, nó daoine aonair páirt a ghlacadh i Rith 2010 ar iliomad bealaí – téigh chuig www.rith.ie .

Chomh maith leis an rith é féin, beidh neart imeachtaí ar siúl timpeall na tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Mar sin, tacaigh leis an nGaeilge agus tar amach le linn na coicíse – beidh neart craic, ceol agus, ar ndóigh, Rith i gceist. Tá Rith 2010 maoinithe i bpáirt ag Foras na Gaeilge. Gaelport 09/03/2010

Imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge
Imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge

10ú Márta, Dé Céadaoin, 11.00r.n. Turas Stairiúil timpeall Chathair na Mart Treoraí Brónagh Seoighe ó Shinsearlann Chathair na Mart

13ú Márta, Dé Sathairn, 1.00i.n.

Lón Gaeilge in Óstán an Mill Times.

Fáilte mhór roimh chách.

Comórtas ‘An Flóta is fearr’ le linn Paráid Lá Fhéile Pádraig i gCathair na Mart. Beidh na bailte móra ag glacadh páirte ar fud Mhaigh Eo; Caisléan an Bharraigh, Cathair na Mart, Béal an Átha, Coilte Mach, Baile an Chaisil, Béal Átha na Muice agus Clár Chlainne Mhuiris. Chomh maith leis sin tá duais iontach le fáil. Eagraithe ag Mid West Raidió, Gnó Mhaigh Eo, Comhairle Baile agus Cumann Trádála Chathair na Mart.

17ú Márta, Dé Céadaoin Comórtas na bhfuinneog.

Eagraithe ag Gnó Mhaigh Eo agus Cumann Trádála Chathair na Mart.

An Flóta is Fearr
Seas amach agus bí difriúil Beidh aitheantas ar leith a thabhairt do chomhlachtaí as Maigh Eo i mbliana le linn Lá Fhéile Pádraig. Beidh comórtas “An Flóta is fearr i Maigh Eo’ ar siúl sna bailte ina bhfuil na Cumainn Trádála agus Eagraíochtaí Forbartha Gnó ag feidhmiú. Is fiú €2,500 an duais chiste áit a mbeidh duais do gach buaiteoir áitiúil, pacáiste fógraíochta dhátheangach agus clár speisialta ar Mid West Radio. I measc na mbailte atá ag glacadh páirte tá Cathair na Mart, Caisleán an Bharraigh, Baile Chathail, Béal an Átha, Béal Átha na Muice, Clár Chlainne Mhuiris agus Coillte Mach áit a mbeidh paráid Lá Fhéile Pádraig ar siúl ar an gCéadaoin an 17ú Márta. “Seo deis iontach do ghnólachtaí aitheantas réigiúnach a fháil agus iad féin a chur i mbéal an phobail”, a dúirt Anna Ní Chárthaigh ó Gnó Mhaigh Eo. “Tá áthas orainn a bheith ag comhoibriú leis na Cumainn Trádála agus le Mid West Radio chun deis a chur ar fáil don lucht gnó a ngnó agus an Ghaeilge a spreagadh. Baineann gnólachtaí úsáid as an nGaeilge inniu mar uirlis mhargaíochta; tugann an Ghaeilge deis do chomhlachtaí seasamh amach agus aird an phobail a fháil agus cruthaíonn an teanga dea-thoil i measc a gcustaiméirí,” a dúirt sí. Tá an comórtas dírithe ar an lucht gnó agus ar ghrúpaí a ghlacann páirt sna paráidí ar Lá Fhéile Pádraig. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó do Chumann Trádála Áitiúil nó ó Gnó Mhaigh Eo ar 098 26555.

Lá na Gaeilge ar Líne
Gaeilge ar Líne ar Lá Fhéile Pádraig Tá Gnó Mhaigh Eo i gcomhar le Comhairle Contae Mhaigh Eo ag spreagadh gnólachtaí agus daoine aonaracha ar fud Mhaigh Eo chun páirt a ghlacadh i ‘Lá na Gaeilge ar Líne’, ceiliúradh domhanda ar líne, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Beidh ‘Lá na Gaeilge ar Líne’ ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig agus gheobhaidh gnólachtaí i Maigh Eo seans gaisce a dhéanamh as a gcúpla focal ina gcuid comhfhreagras ar líne ar an lá sin. Níl aon teorann ar an méid Gaeilge a fhéadfar a húsáid ar an lá. Is féidir leis a bheith i bhfoirm ríomhphoist, facebook, twitter, blaganna nó aon ábhair ar líne a mbeidh á húsáid agat ar an lá. Is leor cúpla focal Gaeilge ag tús agus deireadh do theachtaireacht. Tá a lán bealaí éagsúla ag na daoine taobh thiar do ‘ La na Gaeilge ar Líne’ chun monatóireacht a dhéanamh ar líon na Gaeilge a úsáidfear ar an lá agus tá gach eolais faoi seo agus faoin tionscnamh le fáil ar www.lnag.org nó ó ‘Gnó Mhaigh Eo’. Tá leathanach Facebook (Lnag Lá na Gaeilge) ag Lá na Gaeilge ar Líne chomh maith le grúpa Facebook (http://tinyurl.com/ybb8jg3) ar féidir leat clárú orthu. Agus is féidir leat clárú le Gaeilge Mhaigh Eo(leathanach do chainteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i Maigh Eo) chomh maith ar Facebook nó ar Twitter. “ Ba bhreá linn dá n-úsáidfeadh gnólachtaí roinnt Gaeilge ar a gcuid suíomhanna chomh maith le haghaidh Seachtain na Gaeilge nó le haghaidh Lá Fhéile Pádraig. Fiú mura bhfuil ann ach cúpla focal ar a gcuid leathanaigh bhaile ar nós ‘Lá Fhéile Pádraig Shona duit!’(Happy St. Patrick’s Day). Tá Gnó Mhaigh Eo lán sásta aon chabhair ar féidir linn a thabhairt do ghnólachtaí chun an Ghaeilge a húsáid ina gcuid ábhair ar líne”, a deir Dianne Seoighe, Bainisteoir Aistriúcháin le Gnó Mhaigh Eo. Chuir le Oonagh Ní Chéilleachair, Oifigeach na Gaeilge le Comhairle Contae Mhaigh Eo leis seo ag rá, “Is deis iontach é seo do dhaoine nach n-úsáidfeadh an Ghaeilge go laethúil chun a gcuid cúpla focal a húsáid ar líne”. Cuireann Gnó Mhaigh Eo seirbhísí aistriúcháin, comhairleacha agus tacaíochta ar fáil do chomhlachtaí a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a úsáid ina ngnó. Cabhraíonn Gnó Mhaigh Eo le gnólachtaí iad féin a chur chun cinn i mbealaí éagsúla trí úsáid a bhaint as an nGaeilge. Tá cúpla beannacht agus phrásaí coitianta curtha le chéile ag Gnó Mhaigh Eo agus Oifig na Gaeilge Mhaigh Eo ar féidir le haon gnó nó aon duine ar mhian leo iad a húsáid ar an lá. Más mian leat cóip dó seo a fháil cuir ríomhphost chuig gaeilge@mayococo.ie nó eolas@gnomhaigheo.ie nó glaoigh ar 098-26555. Glac do sheans chun do chúpla focal a húsáid ar Lá Fhéile Pádraig.

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mbun taighde
Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ar na bacáin ag an Rialtas le píosa fada, agus gealltanas i ndiaidh gealltanais tugtha go mbeidh an straitéis á foilsiú go luath.

Le linn Oireachtas na Gaeilge, d’fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív, T.D., go mbeadh an straitéis á foilsiú roimh dheireadh na bliana.

I gcomhthéacs fhoilsiú na straitéise fiche bliain don Ghaeilge, tá grúpa oibre bunaithe faoi choimirce Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, chun taighde a dhéanamh ar mheon na n-eagraíochtaí in earnáil dheonach na Gaeilge, ar a bhfís don todhchaí, chomh maith le plé ar bhealaí maoinithe, agus chun plécháipeis a ullmhú dá réir.

Toisc ról comhordaithe na Comhdhála, tá iarrtha ag Foras na Gaeilge go n-ullmhódh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge tuarascáil maidir le hathbhreithniú agus cuíchóiriú na 19 n-eagras bunmhaoinithe.

Tá sé i gceist ag an ngrúpa oibre, moltaí a chur ar fáil mar chuid den phlécháipéis, maidir leis na múnlaí éagsúla maoinithe is oiriúnaí don earnáil. Tá próiseas aontaithe ag an ngrúpa chun tabhairt faoin obair thaighde agus leagadh amach amchlár dúshlánach don obair sin.

Tá comhairleoir neamhspleách ceaptha chun cruinnithe aonaracha a reáchtáil le ceannasaíocht eagraíochtaí na hearnála chun a dtuairimí a fháil maidir le todhchaí na hearnála agus aiseolas a bhailiú i dtaobh an phróisis maoinithe reatha.

Tá sprioc leagtha síos ag an ngrúpa go mbeidh an phlécháipéis ullmhaithe faoin gcéad chruinniú eile de chuid na Comhdhála go luath i mí na Nollaig, agus go reáchtálfaidh an Chomhdháil seimineár lae d’eagraíochtaí na hearnála, na heagraíochtaí bunmhaoimithe san áireamh, chun a dtuairimí agus aiseolas a fháil faoin bpléchaipéis ina dhiaidh sin.

Tá tuilleadh eolais faoin taighde, mar aon le miontuairiscí ó chruinnithe an ghrúpa le fáil anseo.

www.gaelport.com 17 Samhain 2009

Irish language strategy in final stages - Cowen
The Government’s 20-year strategy for the Irish language was in its final stages of preparation, Taoiseach Brian Cowen said today after the 13th British-Irish Council Summit held in St Helier, Jersey.

He told a press conference that Minister for Community Rural and Gaeltacht Affairs Éamon Ó Cuív, who accompanied him to Jersey for the Summit, was putting the final touches to the report. The issue was discussed by a Cabinet subcommittee this week and the report could be completed before Christmas and ready for publication in the New Year, the Taoiseach said, speaking in Irish. “Indigenous, Minority and Lesser-Used Languages” were the main theme of the Summit. The council was established under the terms of the Belfast Agreement and its membership is comprised of the British and Irish governments, the devolved administrations of Scotland, Wales and Northern Ireland and the British crown dependencies of the Isle of Man, Jersey and Guernsey.

In a briefing paper for the Summit meeting, Mr Ó Cuív said “with respect to urban areas, my Department has in recent years provided funding to facilitate the establishment of a number of Irish language social and cultural centers in the main urban areas”. “The continued development of such centres is expected to be one of the key components of the Government’s 20-year Strategy for the Irish language which is currently under consideration to which An Taoiseach referred earlier”. “Centres such as these have the potential to nuture new language communities in urban settings and give our languages a new position as living community languages in our cities,” Mr Ó Cuív said. In a joint communiqué after the meeting, the council said that halting the decline in communities with a high-density of minority-language speakers was, “a crucial target in various national strategies tasked with language planning at a community level”. The council also, “noted and acknowledged the benefits in sharing knowledge, ideas and best practice and the diversity in approaches to community language planning”.

The Summit was also attended by former Northern Ireland secretary, now Secretary of State for Wales Peter Hain, representing the British Government; Northern Ireland First Minister Peter Robinson and Deputy First Minister Martin McGuinness, Scottish First Minister Alex Salmond, Welsh First Minister Rhodri Morgan (attending his last Summit before retirement) and heads of administration from the Isle of Man, Guernsey and Jersey.

The Irish Times - Deaglán de Bréandún 13 Samhain 2009

www.irishtimes.com

Irish-language paper goes national
Fluent Irish speakers and those with the cupla focal can now read ‘Foinse’, the country’s biggest Irish language newspaper, for free with their Irish Independent every Wednesday.

The newly revitalised ‘Foinse’ is to be distributed every week from this Wednesday, ensuring it reaches more than 150,000 people through the Irish Independent, the largest selling national quality daily in Ireland. Editor Emer Ni Cheidigh said she was “delighted” that ‘Foinse’ will, for the first time, be able to achieve a national readership on a scale well beyond what it had been able to achieve in the past. “This is the first time in the history of Irish language newspapers that we will be able to reach this amount of people. When we finished last June, we had a circulation of 4,500. Reaching this number of people is huge for us,” she said. ‘Foinse’, which is based in the Connemara Gaeltacht, was forced to cease publication in June after advertising income plummeted 75pc. The new ‘Foinse’ has been enhanced to give it a fresh and contemporary view of Ireland, the Irish language and culture. In its first edition this week, readers will be able to review fashion tips from ‘Paisean Faisean’ presenter Blathnaid Ni Dhonnchadha, a blog from international track-and-field athlete David Gillick and an insight into the Lions Tour from travel guru Hector O hEochagain.

Alongside weekly contributions from presenter Daithi O Se, MP O Conaola and Gemma Ni Chionnaith, people with practically no Irish at all can improve their word power ‘as Gaeilge’ with a special section called ‘Cupla Focal’. “There is a fear towards Irish and some people may feel they are not good enough to buy an Irish language publication. Now that it is more accessible, people may realise they are more competent than they expected,” Ms Ni Cheidigh said. School teachers and students can continue to turn to the regular pages aimed at those sitting their Leaving Certificate. But the ‘Foinse sa Rang’ section has been extended to seven pages of attractively presented learning tools and texts which include articles intended as a resource for primary school students.

Ms Ni Cheidigh said: “The new ‘Foinse’ remains a stand-alone publication and all editorial control continues to remain with the publication and company.” The refreshed ‘Foinse’ publication will employ five full-time staff and utilise a network of correspondents, contributors and services.

Irish Independent - Grainne Cunningham 16 Samhain 2009

www.independent.ie

Irish Independent to distribute Foinse, Ireland ’s biggest Irish language newspaper
Foinse, Ireland’s biggest Irish language newspaper has today announced that it’s newly refreshed Foinse newspaper will be distributed free every Wednesday, starting 18 November with the Irish Independent, the largest selling national quality daily in Ireland.

Ireland’s biggest Irish language newspaper will now have a weekly circulation of 152,204 through the Irish Independent promoting and encouraging the Irish language and culture on a truly nationwide scale. The newly revitalised Irish language newspaper will bring a fresh and contemporary view of Ireland, the Irish language and culture to over 550,000 new readers both North and South of the Border. In its first edition this November, readers will be able to review contributions by Daithí Ó Sé, M.P Ó Conaola, Bláthnaid Ní Dhonnchadha, Gemma Ní Chionnaith, Hector Ó hEochagáin and David Gillick. Foinse will also feature seven pages of attractively presented learning tools and texts for all ages and levels of knowledge.

Leaving Certificate students will once again be able to draw on Foinse sa Rang articles as a vital resource in preparation for the Irish examinations while Foinse Óg is now providing an Irish educational resource for primary school students. Speaking on the announcement, Emer Ní Chéidigh, editor of Foinse, said, “This is truly a landmark day for the promotion of the Irish language. Not only is Foinse back in production but now through the established circulation of the Irish Independent, the Irish language will be brought into every household and family in Ireland.” Continuing, Emer Ní Chéidigh, said, “The new Foinse remains a stand alone publication and all editorial control continues to remain with the publication and company. We are delighted to form this new relationship with the Irish Independent and to leverage its distribution and resources. We are also delighted for the traditional Foinse readers, who have helped protect and nurture the Irish language and we hope that they enjoy our refreshed format.”

The publication which has been out of circulation since June had a previous circulation of 4,500. The newly refreshed Foinse publication will employ five full time employees and also utilise a network of correspondents, contributors and services and is a wholly privately funded company.

Irish Independent 14 Samhain 2009

www.independent.ie

Westport Shop ‘n Spraoi na Nollag 2009
20,000 visitors are expected to visit the 3 day Market in Westport where Mayo Artisan Producers will be participating under one umbrella in order to gain maximum national recognition for their quality products déanta i Maigh Eo (Made in Mayo).

The Déanta i Maigh Eo initiative is supported by The Mayo Development Board, Leader, Údarás na Gaeltachta, Gnó Mhaigh Eo, Teagasc, the HSE and members of the Country and Street Markets in Mayo. The initiative will highlight the benefits of working in partnership and will help establish a network of Mayo Producers and Support Agencies in order to sustain indigenous enterprises in Rural Mayo. The Market will mark the launch of the Déanta i Maigh Eo initiative and will target a local, national and international audience.

Westport is a quality tourism destination that is recognized nationally for its high standards. The Mall area is an idyllic centrally located venue where Artisan producers can exhibit and promote their produce to a wide audience.

Christmas cabins and marketing materials will be provided to enhance the Christmas atmosphere and make the market a truly unique and authentic experience.

Gradam Gnó le Gaeilge
Tugann an gradam seo aitheantas do ghnóthaí atá ag úsáid na Gaeilge mar uirlis ghnó nó mar mhodh margaíochta / cumarsáide chun buntáiste iomaíochta a bhaint amach.. Tá an duais seo oscailte d’uile ghnólacht atá lonnaithe i gCo. Mhaigh Eo.

Is é an Aoine, an 25ú Mean Fómhair 2009 an dáta deiridh le haghaidh iontrálaithe. Tá an t-eolas faoi na gradaim Ghnó uile ar fáil ó gach oifig de chuid Chumann Trádála Mhaigh Eo nó ó Ghnó Mhaigh Eo.

I mbliana is é Gnó Mhaigh Eo i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta atá ina urraitheoir ar Ghradam Gnó le Gaeilge.

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 – Dréacht-Scéim á hUllmhú ag Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo.
Tá sé i gceist ag Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo scéim nua don tréimhse 2010-2013 a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.

Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachaidh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c.8 leathanach). Ba chóir freisin, go hinmhianaithe, aighneachtaí, a bheidh ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin www.mayococo.ie, a sheoladh isteach go leictreonach chuig gaeilge@mayococo.ie.

Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh leis an bpost chuig:

An tOifigeach Forbartha Gaeilge Comhairle Contae Mhaigh Eo Áras an Chontae Caisleán an Bharraigh Co. Mhaigh Eo

Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí arna soláthar don phobal ag Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo ar fáil ar www.mayococo.ie.

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00 i.n., Dé Luain 31ú Lúnasa.

Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta www.pobail.ie nó ar iarratas trí ríomhphoist chuig achtteanga@pobail.ie.

Tugann Gráinne Mhaol faoi aistear nua ceoil
Cuirfear tús le seó ceoil nua traidisiúnta bunaithe ar scéal saoil an fhoghlaí mara, Gráinne Mhaol i gCathair na Mart an tseachtain seo. Bhí Gráinne Mhaol mar fhoghlaí mara, ceann fine, leannán agus máthair in Éirinn sa 16ú haois agus ar dhuine de na taoisigh clainne Éireannacha is deireanaí a chur in aghaidh choncas na Sasanach ar Éirinn Ghaelach.

Tá ‘The Legend of Gráinne Mhaol’ ag dul ar stáitse den chéad uair ina baile dúchais Cathair na Mart ar an gCéadaoin seo 1ú Iúil agus ritheann sé sa Castlecourt Hotel ar feadh tréimhse naoi seachtaine gach tráthnóna Dé Céadaoin le linn mhí Iúil agus mí Lúnasa.

Tá saibhreas ceoltóirí agus damhsóirí cumasacha as Maigh Eo agus Gaillimh ag aisteoireacht sa ‘The Legend of Gráinne Mhaol’. I measc an gcriú tá an fidléir clúiteach as Sráide, Cora Smyth a bhí in Lord of the Dance, an ceoltóir as Acaill a bhí i gcomórtas ceannais You’re a Star James Kilbane, an t-amhránaí Jenny Mulvey as Baile an Róba, Darragh Healy an curadh uile-Éireann ar an mbosca ceoil, Angela Duggan damhsóir agus aisteoir as Clár Chlainne Mhuiris agus an damhsóir sean-nós is cumasaí agus is fearr aithne air in Éirinn Brian Ó Cuinneagáin.

Geallann an seó go gcoinneoidh sé lucht féachana ag gach aois greamaithe dá suíocháin ó thús go deireadh agus é ag meascadh an damhsa sean-nóis leis an damhsa céime nua-aimseartha .

Beidh an seó ar siúl sa Castlecourt Hotel, Cathair na Mart gach Céadaoin i mí Iúil agus Lúnasa.

Blas Eorpach Ar Chamchuairt an Chonartha
Beidh Conradh na Gaeilge ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip mar chuid den bhfeachtas feasachta Glac Leis, le cúnamh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha faoin tionscnamh An Eoraip A Chur in Iúl.

Tá an Conradh ag dul ar chamchuairt chuig coláistí samhraidh ar fud na tíre arís i mbliana chun ceardlanna spraíúla spreagúla Glac Leis a reáchtáil leis na cinnirí iontu, agus chun labhairt leis na scoláirí ar fad faoi na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa, agus faoi na seirbhísí atá siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí sa bhaile in Éirinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.

Chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha cúnamh ar fáil d’fheachtas Glac Leis an Chonartha as ciste atá ann chun tacú le tionscadail a mhíníonn an tAontas Eorpach do mhuintir na hÉireann, a chabhraíonn le feabhas a chur ar chaighdeán na cumarsáide idir an Aontas agus a chuid saoránach, agus a dhéanann an nasc atá ag an tír seo leis an Eoraip a cheiliúradh.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Creideann an Conradh go bhfuil sé ríthábhachtach pobal na Gaeilge, go háirithe daoine óga, a mhisniú agus a chumasú le seirbhís trí Ghaeilge a iarraidh i gcónaí ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha.”

“Is beag gné de shaol na hÉireann nár tháinig faoi anáil an Aontais Eorpaigh le blianta beaga anuas, saol na Gaeilge san áireamh, agus tá an Conradh i mbun pobal na Gaeilge a chur ar an eolas faoi na buntáistí agus na deiseanna úsáidte a bhaineann leis an teanga, san Eoraip agus anseo sa bhaile, tríd an bhfeachtas cearta teanga Glac Leis,” ar seisean.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: “Chomh maith le feasacht ar an Aontas Eorpach a chur chun cinn agus a thionchar ar an nGaeilge agus ar ghnáthshaol mhuintir na hÉireann a mhíniú trínar bhfeachtas Glac Leis, tá sé tábhachtach a chur ina luí ar phobal na teanga go bhfuil tacaíocht ann dóibh i gcónaí i leith an Ghaeilge a úsáid san Eoraip agus in Éirinn.”

Tá an Conradh ag moladh do dhaoine glacadh leis go bhfuil gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge agus an t-éileamh do sheirbhísí Gaeilge a léiriú. Cuireann Conradh na Gaeilge seirbhís tacaíochta ar fáil do dhaoine a mbíonn fadhbanna acu seirbhísí Gaeilge a fháil freisin, agus is féidir leat dul i dteagmháil leis an gConradh trí ríomhphost a chur chuig glacleis@cnag.ie nó trí ghlaoch ar an Ard-Oifig ar +353 (0)1 475 7401.

www.gaelport.com
22 Meitheamh 2009

Logainmneacha Chontae Mhaigh Eo
Beidh Fiachra Mac Gabhann, fear a bhfuil go leor taighde déanta aige ar logainmneacha Mhaigh Eo, ag tabhairt caint ar logainmneacha na leithinse, logainmneacha cheantar Iorrais agus logainmneacha Chontae Mhaigh Eo, ar an Luan 15 Meitheamh i dTuras Siar, An Cartúr, ag 8pm.

Tá fáilte curtha roimh chách. Tuilleadh eolais ó Turas Siar: T 097 85011 R: turas.siar@yahoo.ie

Foinse
14 Meitheamh 2009

Ceistneoir ar Mheon an phobail i leith an Fháinne
Is siombail é An Fáinne ar an nasc atá agat leis an nGaeilge. Caitear An Fáinne mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt.

Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid. Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat. Tá suaitheantas den teideal ‘Cúpla Focal’ ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge atá bródúil as an gcúpla focal atá acu.

Cé go bhfuil borradh mór tagtha faoi dhíolacháin an Fháinne le cúpla bliain anuas, pléadh ag seimineár comhoibriúcháin idir na heagraíochtaí Gaeilge le deireanaí an raibh gá le suaitheantais nua, a bheadh níos nua-aimseartha agus a bheadh níos tarraingtí do lucht labhartha na Gaeilge.

Anseo sa Chomhdháil, cloisimid scéalta go rialta ó dhaoine ar casadh daoine orthu a bhí ag caitheamh an Fháinne, agus gur spreag an Fáinne comhrá eatarthu, comhrá nach mbeadh ann gan an Fáinne. Cloisimid freisin ó dhaoine, go háirithe iad siúd atá ag obair leis an bpobal, go gcuireann an Fáinne leis an tseirbhís atá siad ag cur ar fáil, agus go gcuireann caitheamh an Fháinne in iúl do dhaoine eile gur féidir leo bheith ar a gcompord ag labhairt i nGaeilge leo.

Chun meon an phobail i leith an Fháinne a mheas, ba mhaith linn bhur mbarúil a fháil ar an bhFáinne, agus an fhorchiall atá i measc an phobail maidir le caitheamh an Fháinne. Is minic a chloisimid scéalta faoi go gcasann Gaeilgeoirí ar a chéile trí Bhéarla, agus nach mbíonn a fhios acu go bhfuil Gaeilge ag an té eile go ceann i bhfad. Má chuireann tú aithne ar dhuine i dteanga amháin, faigheann roinnt daoine deacair go maith é an teanga labhartha sin a athrú tar éis tamaill. Ba mhaith linn bhur smaointe a bhailiú maidir le haon bhealach eile a mheasann sibh a bheadh ann chun go n-aithneodh Gaeilgeoirí a chéile, ionas go bhféadfadh daoine a chasann ar a chéile den chéad uair, aithne a chur ar a chéile trí Ghaeilge ar dtús báire.

Tá suirbhé cruthaithe againn ag an nasc seo, chun meon agus tuairimí an phobail i leith an Fháinne a bhailiú. Is féidir an suirbhé a líonadh isteach ag an nasc seo

www.gaelport.com
22 Meitheamh 2009

Céad seirbhís nuachta gnó dhátheangach na hÉireann seolta
Rinneadh céad suíomh Gréasáin nuachta gnó na hÉireann, www.Insideireland.ie, a sheoladh go hoifigiúil in oifigí Fhoras na Gaeilge i mBaile Átha Cliath inniu. Cuireann an tseirbhís nuachta na scéalta gnó is déanaí ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.

I measc na n-ábhar gnó a chlúdaíonn an suíomh nuachta seo tá cúrsaí airgeadais, infheistíochta, fostaíochta, ICT agus agraghnó, chomh maith le rannáin ag díriú ar cheol, ar spórt, ar shláinte, ar bhia agus ar fhaisean.

“Creidim gurb iontach an t-am é chun suíomh Gréasáin nuálach a sheoladh a bheidh i gcroílár iriseoireacht na hÉireann de réir mar a théann daoine i dtreo an Idirlín ar thóir na nuachta,” a dúirt an t-eagarthóir Colm Ó Broin.

“Foilsímid scéalta i nGaeilge toisc go bhfuil an teanga in úsáid níos mó agus níos mó i measc gairmeacha agus tionscal. Tá raon leathan gnólachtaí agus daoine gnó ag baint úsáide as an nGaeilge ina gcuid cumarsáidí agus cleachtas ar bhonn rialta.

“Clúdaímid, chomh maith, cúrsaí gnó i dTuaisceart Éireann agus muid ag tarraingt airde ar thábhacht an gheilleagair uile-oileáin.

“Tá aiseolas iontach faighte againn ónár gcuid léitheoirí go dtí seo agus tá sé i gceist againn an suíomh agus ár bhfoireann scríbhneoirí a fhorbairt sna míonna romhainn chun féidearthachtaí an tsuímh seo a réadú”, a dúirt Ó Broin.

D’fháiltigh Rúnaí Chumann Náisiúnta na nIriseoirí, Séamus Dooley, roimh an suíomh atá, dar leis, “ina fhiontar nua iontach”.

“Tá tírdhreach na meán ag athrú ó bhonn agus is cúis áthais é fáilte a chur roimh thionscnamh nua sa timpeallacht reatha agus an oiread sin den nuacht a bhaineann leis na meáin, ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta, diúltach”, a dúirt sé.

Lean Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, comhpháirtí oifigiúil teanga Insideireland.ie, “Is cúis áthais dúinn i bhForas na Gaeilge é a bheith bainteach le forbairt agus inúsáidteacht Insideireland.ie agus é ar an gcéad suíomh Gréasáin nuachta riamh dírithe ar chúrsaí gnó atá ar fáil i gceachtar den dá theanga, Béarla agus Gaeilge.

“Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an gcur chuige nuálach dátheangach seo agus níos mó aitheantais agus úsáide á baint as an nGaeilge sa tsochaí. Ní hamháin go bhfuil sé ag freastal ar aidhmeanna Acht na dTeangacha Oifigiúla ach tá sé ag freastal, chomh maith, ar rogha teanga níos mó den phobal gnó a bhfuil an Ghaeilge acu.”

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Éamonn Fallon ón láithreán Ghréasán Daft.ie “Trasna an domhain tá tomhaltóirí ag bogadh ó na meáin chlóite go dtí an t-idirlíon lena gcuid nuachta laethúla a fháil. Is é ‘Inside Ireland’ an chéad fhoilsitheoir in Éirinn a bhog ón gclólann go dtí foilsiú ar líne amháin agus tá aitheantas le tabhairt dóibh dá bharr.”

www.gaelport.com
22 Meitheamh 2009

Aighneachtaí á lorg: Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Dréachtscéim á hullmhú ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.
Tá sé i gceist ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bunchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón tseirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.

Tá Aighneachtaí maidir le dréachtú na scéime sin á lorg ag an Roinn Fiontar, Trádala agus Fostaíochta anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir aighneachtaí a bheidh ar fáil ar shuíomh idirlín an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, a sheoladh isteach go leictreonach chuig: customerservice@entemp.ie

Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh tríd an bpost chuig:
Aonad Na Nacmhainní Um Fhaisnéis, An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, 23 Sráid Cill Dara, Baile Átha Cliath 2.

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná: De Máirt 30 Meitheamh 2009.

Tá tuilleadh eolais faoin Acht tar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

www.gaelport.com
22 Meitheamh 2009

€25,000 do Leabhair na Bliana
Bronnfar Gradam Uí Shúilleabháin, gradam i gcuimhne ar iarRúnaí an Oireachtais agus Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Donncha Ó Súilleabháin, ar bhuaiteoir Leabhar na Bliana, mar chuid de Chomórtas Litríochta an Oireachtais. Chomh maith le sin bronnfar €10,000 ar an bhfoilsitheoir agus €5,000 ar an údar.

I gcás an chomórtais do Leabhar na Bliana do dhaoine óga bronnfar Gradam Reics Carlo ar an mbuaiteoir agus €7,000 ar an bhfoilsitheoir agus €3,000 ar an údar. Is iad na foilsitheoirí féin a chaithfidh iarratas a dhéanamh ar na comórtais nua, bunaithe ar na leabhair a d’fhoilsigh siad sa bhliain 2 Iúil 2008 – 1 Iúil 2009. Déanfar gearrliosta ansin, bunaithe ar na nithe seo leanas: Fiúntas an ábhair, dearadh an leabhair, leagan amach an ábhair ar na leathanaigh, caighdeán na clódóireachta agus an chaoi ar fhreastail an foilseachán ar riachtanais léitheoireachta an phobail.

Fógrófar an gearrliosta ag tús mhí Mheán Fómhair agus bronnfar na duaiseanna le linn Fhéile an Oireachtais i Leitir Ceanainn.Anuraidh bronnadh duais Ghradam Uí Shúilleabháin ar an leabhar An Cléireach le Darach Ó Scolaí, foilsithe ag an Leabhar breac agus bronnadh an duais Gradam Reics Carlo ar an leabhar An Phleist Mhór le Susan Edwards agus Ré Ó Laighléis agus foilsithe ag Móinín Teo.

www.galwayadvertiser.ie

Critéir do Dhuais Cholmcille fógartha
Tá na critéir do Dhuais Cholmcille fógartha ag Glór na nGael. Rachaidh an duais is déanaí seo ón chomórtas náisiúnta chuig an ghrúpa deonach is fearr a fhorbraíonn naisc idir cainteoirí Gaeilge in Éirinn agus cainteoirí Gàidhlig in Albain.

Is é Colmcille a bheidh ag déanamh urraíochta ar an duais. Bunaíodh Colmcille sa bhliain 1997 le naisc teanga agus cultúrtha a chur chun cinn idir pobail an dá theanga.

Is í aidhm na duaise ná aitheantas a thabhairt d‘obair dheonach a spreagann naisc idir an dá phobal Gaelach, in Éirinn agus san Albain. Tá dóchas ag Glór na nGael agus Colmcille féin go spreagfaidh sé foghlaim ar an dá thaobh de Shruth na Maoile.

Caithfidh grúpaí ar suim leo cur isteach ar an chomórtas na critéir seo a leanas a shásamh: • Caithfidh na hiontrálacha bheith bunaithe ar an nasc idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig • Caithfidh na hiontrálacha cumarsáid a chothú idir Gaeilgeoirí agus cainteoirí Gàidhlig; • Go rachadh an nasc chun sochair an dá phobail; • Caithfidh na coistí nó na grúpaí pobail cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le chéile; • Caithfidh gné foghlama Gaeilge in Albain nó Gàidhlig in Éirinn a bheith mar chuid de chlár imeachtaí na hiontrála; • Cuirfear fáilte roimh coistí nó grúpaí deonacha, • Mar chuid de mholtóireacht an chomórtais, beidh gá le tuairisc scríofa ó na rannpháirtithe; • Go gcaithfear aon duais a bhuafar sa chomórtas seo leis an nasc idir an dá phobal teanga a dhoimhniú.

Is féidir cóip den chritéir agus tuilleadh eolais faoin chomórtas a fháil ó Ghlór na nGael ag +353 46 943 0974 nó le r.phost fiosru@glornangael.ie.

www.gaelport.com
22 Meitheamh 2009

Scannanú oifigiúil ‘Following the Whitethorn’ le Michael Fortune
Is bailiúchán de chreidimh phiseogacha ar scannán é ‘Following the Whitethorn’ le Michael Fortune, coimisiúnaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo agus maoinithe ag An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoin Scéim Céatadán ar son na hEalaíne.

Pobalscoil Bhaile an Róba, Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo

7.30i.n. Dé Máirt 23ú Meitheamh 2009 (Oíche Fhéile Naomh Eoin)

Beidh beárbaiciú agus lasadh Thine Chnáimh Oíche Fhéile Naomh Eoin ag Teach Altranais Friar’s Lodge, Bóthar an Chlochair, Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo. Beidh ceol agus sólaistí ar fáil. Beidh córas iompair ar fáil chun daoine a iompar ón bPobalscoil go dtí an Teach Altranais.

Cén tslí níos fearr le hOíche Fhéile Naomh Eoin a chaitheamh ná bheith ag breathnú ar bhailiúchán piseoga áitiúla, le tine chnámh, beárbaiciú agus ceol.

Beidh an scannán á taispeáint go leanúnach i Leabharlann Bhaile an Róba, Príomhshráid, Baile an Róba agus i dTacú, an tIonad Acmhainní Teaghlaigh, Sráid na Gléibe, Baile an Róba ó 24ú – 30ú Meitheamh 2009. Beidh líon teoranta DVDanna ar fáil, is féidir iad a fáil ag an taispeáint, nó ina dhiaidh sin ón Oifig Ealaíon. Beidh an scannán le fáil ar iasacht ó Leabharlanna Chontae Mhaigh Eo chomh maith.

Tá tuilleadh eolais faoin tionscnamh seo le fáil anseo chomh maith: www.followingthewhitethorn.com

Campaí Samhraidh
Sé an príomh aidhm atá ag Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge ná an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an Chondae trí Ranganna Gaeilge, Campaí Samhraidh, Diploma sa Ghaeilge srl a chur ar fáil do dhaoine í gCondae Mhaigh Eo. Tá muid ag reachtáil Campaí Samhraidh Gaeilge ar fud Mhaigh Eo an Samhraidh seo. Beidh na Campaí seo trí mhéan na Gaeilge agus beidh siad ar siúl í gCaisleán an Bharraigh, Cathar na Mart, Clár Clainne Mhuiris agus Béal an Átha. Tugann Forás na Gaeilge urraíocht dúinn chun na campaí samhraidh seo a chur ar siúl. Is deis iontach iad na campaí samhraidh seo do phaistí ar mhaith leo an Ghaeilge a chleachtadh taobh amuigh den scoil bhliain agus ar ndoigh spraoi chomh maith. Beidh na campaí samhraidh seo do ghasúir idir seacht mbliana.gus cheithre bhliain déag d’aois. I measc na h-imeachtaí a bhíos ar siúl ag na campaí seo ná, ceol, dramaíocht, amhránaíocht, damhsa, ealáin, potaireacht, cócaireacht, spoirt agus go leor eile.
Beidh na campaí ar siúl í mí Lúnasa ó Luan go Aoine ón 10.00 – 2.30, ar costas €60 an duine.
Is féidir tuilleadh eolas a fháil ó Bridín ag Conradh na Gaeilge 094-90-22444 nó 087-9781166, nó eolas@conradhmhaigheo.ie

Most people still value Irish
Around 93% of those who took part in a national survey wish to have Irish revived or preserved, according to a report published last month.

The Irish Language and the Irish People by Father Mícheál Mac Gréil and Fergal Rhatigan is the third report on the attitudes towards, competence in and use of the Irish language. Fieldwork on the current survey was carried out by the ESRI in 2007 and 2008. In examining general competence in the language, those surveyed were asked to rate their own level of Irish on a scale ranging from fluent to no Irish at all.
A significant and disappointing finding of the report was that, while 47% of Irish-born respondents rated themselves as reasonably competent, only 23% reported using Irish regularly. Based on the survey’s results, the report identifies challenges facing the Irish language and makes recommendations in relation to developing and strengthening Irish in various areas of daily life, including education, public services, voluntary language and cultural organisations and the media. Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs, Éamon Ó Cuív said that since the last report 20 years ago, the composition of Irish society had changed greatly. ‘With an estimated 13% of our population made up of non-Irish nationals, the Ireland of today is a far more culturally diverse and vibrant country than the Ireland of 20 years ago,’ he said. ‘One of the findings of this report I find striking is that when you look at the overwhelmingly positive attitude towards the Irish language, there is no difference in outlook between a sample of the total population and a sample of only those born in Ireland.
It has been my own experience that in general, migrants who settle here in Ireland are open and positive about the Irish language, and many make the effort to learn it, particularly if they have children in school here. ‘Most of the non-Irish nationals who come to Ireland are either bilingual or multilingual and appreciate the benefits of having more than one language,’ he said. I am pleased that we now have the statistical evidence to recognise this.

Blas Mhaigh Eo
Tá siad ag súil le greim a fháil ar mheáin an domhain agus iad bailithe don Rás Domhanda chun Maigh Eo a léiriú mar áit ar leith do bhia lámhdhéanta. Beidh lucht leanta an Rása in ann blas a bhaint as an mbia den scoth a bheidh á chur ar fáil acu ina measc iasc deataithe as Chuan Mó, cáiseanna blasta, milseoga gleoite agus neart eile a táirgeadh go huile agus go hiomlán i Maigh Eo agus iad ag baint taitnimh as an Rás Aigéin Volvo.
“Is am fíor-spreagúil do bhia ceardaí Mhaigh Eo é seo, a dúirt Brian Quinn de chuid Mayo Naturally agus Fáilte Ireland West faoin tionscadal. Is ócáid an-oiriúnach é an Rás Aigéin Volvo chun an ‘Taste of Mayo Béile’ a chur chun cinn ar stáitse an domhain. Beidh na meáin chumarsáide ar fad ann agus is deis iontach é seo chun tuilleadh cuairteoirí agus turasóirí a mhealladh go Maigh Eo” a dúirt sé.
Tá Mayo Naturally, Bord Forbartha Contae Mhaigh Eo agus Gnó Mhaigh Eo ag tabhairt tacaíochta don “Taste of Mayo Béile”. Is cuid de bhrandáil “Déanta i Maigh Eo” é seo, tionscadal a cruthú chun bia agus ceardaíocht a dhéantar agus a tháirgtear i Maigh Eo a chur ar taispeáint. >br< Is iad seo a leanas na táirgeoirí bia a bheidh ann: A Taste of Days Gone By, Baile Uí Fhiacháin (Patti Moss) le seatnaí agus anlainn ghoinbhlasta; Kelly’s Butchers, Baile Uí Fhiacháin (Seán Kelly) lena chuid putóga bána agus dubha a bhfuil duaiseanna bainte amach acu; Carrowholly Cheese, Cathair na Mart (Andrew Pelham-Burn) le chúig bhlas difriúla de cháis feirme de stíl Gouda; Clarke’s Fish Smokery le bradán dair-dheataithe; Knockranny House Hotel le cistí milis agus aráin; Castlehill Catering, Béal an Átha (Clair O’Connor) le humus orgánach agus Cuinneog Country Butter, Béal Átha Bhearaigh (Tom Butler). Beidh an ‘Taste of Mayo Béile’ uile ar fáil ar €7 i rith an Rása Aigéin is mó ar domhain.
Níl aon dabht ann ná go mbeidh blas Mhaigh Eo i mbéal gach uile dhuine i nGaillimh an tseachtain seo chugainn.

An fórsa le hÉilís
Tugann an fhéile deis do scríbhneoirí foilsithe agus údair neamhfhoilsithe teacht le chéile agus labhairt ar chúrsaí scríbhneoireachta. Beidh Ní Dhuibhne ag obair le grúpaí scríbhneoirí agus scoileanna ar fud an chontae le linn mhí na Bealtaine agus an Mheitheamh. Is fada clú ar Ní Dhuibhne as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge agus i mBéarla i gcúrsaí drámaíochta, ficsin agus leabhair do pháistí. Is ball d’Aosdána í agus múinteoir ar an scríbhneoireacht chruthaitheach ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Go raibh an fórsa léi.

Coimisinéir Teanga
Baineann an íocaíocht le leigheas a fháil ar theip na Roinne in imeacht na mblianta sin an tacaíocht chéanna a thabhairt do mhúinteoiri agus daltaí Gaeltachta agus Gaelscoile dara leibhéil is a tugadh dá macasamhail i scoileanna ina múintear na hábhair trí Bhéarla Thuairisc an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh an tseachtain seo caite, go raibh 34 treoirleabhar do mhúinteoirí a bhí i mBéarla amháin curtha ar fáil ag an Roinn le scór bliain anuas.
Cuireadh na treoirleabhair seo ar fáíl mar áis tacaíochta do mhúinteoiri le cuidiú leo siollabais éagsúla de chuid na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh a theagasc. Níor cuireadh aon cheann de na treoirleabhair ar fáil trí Ghaeilge do mhúinteoiri a bhí ag teagasc na n-ábhar trí mheán na teanga sin. Tar éis fiosrúchán oifigiúil a dhéanamh ar an gcás, chinn an tUas. Ó Cuirreáin, go raibh sárú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar fhoráil de chuid an Achta Oideachais 1998, a dhearbhaíonn go gcuirfeadh an tAire Oideachais ‘seirbhísí taca’ trí Ghaeilge ar fáil do na scoileanna aitheanta sin a chuireann teagasc trí Ghaeilge ar fáil. Chuir an Roinn Oideachais cás i láthair an Choimisinéara a mhaígh nach raibh dualgas reachtúil ar an Aire faoin Acht Oideachais na treoirleabhair a sholáthar i nGaeilge do mhúinteoirí le cabhrú leo ábhar ar nós - stair, tíreolas, matamaitic, eolaíocht agus eile a theagasc trí Ghaeilge.
Dúradh gur cinneadh don Aire (Oideachais) a bheadh ann, rogha a dhéanamh céard iad na seirbhísí taca a chuirfí ar fáil, agus go mbeadh an rogha sin ag brath ar na hacmhainní a bheadh ar fáil. Dhiúltaigh an Coimisinéir Teanga don léírmhíniú sin agus dúirt gur faoin Aire a bhí sé cinneadh a dhéanamh i dtús aimsire an gcuirfí treoirlínte ar fáil do mhúinteoirí, ach dá ndéanfadh sé cinneadh a leithéidí a sholáthar i mBéarla go raibh dualgas dlíthiúil ansin air na treoirlínte céanna a sholáthar i nGaeilge do mhúinteoirí na Gaeltachta agus na nGaelscoileanna. Mhaígh an Coimisinéir Teanga go raibh tábhacht mhór leis na treoirleabhair a bheith ar fáil i dteanga na scoile leis an téarmaíocht a bheadh á húsáid sna siollabais agus sna scrúduithe Stáit a chur os comhair na múinteoirí agus na ndaltaí agus le cleachtadh a thabhairt dóibh ar úsáid na téarmaíochta sin.
Ó tharla gur de réir a chéile, thar thréimhse de bheagnach scór bliain, a cuireadh na treoirleabhair ar fáil trí Bhéarla amháin don 34 ábhar, dúirt an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go mbeadh costas measta de E250,000 i gceist anois le déileáil le soláthar na dtreoirleabhair sin trí Ghaeilge. Ar an gcúis sin, cheadaigh an Coimisinéir Teanga go dtabharfaí faoin obair thar thréimhse trí bliana leis na costais a roinnt thar roinnt buiséid éagsúla. Mhol sé freisin go gcinnteofaí feasta go gcuirfí leagan Gaeilge ar fáil go comhuaineach gach uair a gcuirfí treoirlínte nó ábhar breise teagaisc ar fáil i mBéarla. Priomhoide iar-bhunscoile ina múintear na hábhair trí Ghaeilge a rinne an gearán leis an gCoimisinéir Teanga a spreag an fiosrúchán oifigiúil, mar a thuairiscigh Foinse an bhliain seo caite.
www.foinse.ie

Irish-medium pupils get higher English scores
Pupils in Irish-medium schools are achieving better English results than children in English-medium schools.

Proportionately more Irish than English-speaking children are reaching or exceeding the level of English expected of them at the end of their primary education. Those working in the sector have said they believe the high standards are the result of good attitudes, self-esteem and delayed introduction of English. Teachers in all primary schools report annually on the standard they believe each pupil has reached in English and maths at the end of both primary 4 and primary 7.

Children are categorised from level one to five. Levels are determined by teachers’ own judgments and supported by assessments carried out as part of normal classroom activities. According to government targets, children should reach level four by the end of primary 7. Figures from 2007/08 obtained by The Irish News show that 82 per cent of children in Irish-medium schools achiev-ed level four or five in English compared to 78.8 per cent of children in English-medium schools. Separate figures provided by Iontaobhas na Gaelscolaiochta (I na G), the trust fund for the sector, compared performances over a three-year period. They showed that Irish-medium schools outperformed others in each of the three years in both English and maths. Reamai Mathers of I na G said international evidence had long indicated that children who were educated through a second language tended to do as well in their first language if not better.

He said information based on research carried out in countries throughout the world consistently indicated enhanced performance of children who were educated bilingually. ‘Figures in relation to scores in English and maths over the last three years have demonstrated that this advantage may also be the case in Irish-language schools,’ he said. ‘When we looked at data from the years from 2005/6 to 2007/8 in relation to Key Stage 2 results in English, Irish-medium schools achieved higher score averages every year, both at the level four category and the highest level five category, than non-Irish-medium schools. ‘Indeed in the last two years Irish-medium students’ results, which are heavily biased towards a lower socioeconomic group, due to the high number of inner-city schools, have produced a higher outcome for level four and five when compared to the average across all Northern Ireland primary schools.’

Dr Mathers said that the statistics, when studied along with international research, gave ‘the strongest indication yet of the efficacy of learning through Irish’.

www.irishnews.com

Comórtas Fiontraíochta do Scoileanna Dara Leibhéal
Ag ócáid a bheidh ar siúl in Óstán na Páirce, An Spidéal Déardaoin, 7 Bealtaine 2009 ón 10:00 r.n. go 2:30 i.n., bronnfaidh Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, na duaiseanna ar bhuaiteoirí réigiún an Iarthair sa Chomórtas Fiontraíochta do Scoileanna Dara Leibhéal Gaeltachta.

Tá iarracht leanúnach á dhéanamh ag an Údarás chun spiorad na fiontraíochta a chothú i measc daltaí agus is chuige sin eagraítear an comórtas seo ar bhonn réigiúnach go bliantúil.

Tá 17 grúpa ar fad as naoi scoil i nGaillimh agus Maigh Eo ag glacadh páirteach sa chomórtas. Bíonn ar gach grúpa plean gnó a chur ar fáil, gnó a bhunú agus a rith, tuairisc a scríobh ar ghnó an chomhlacht samhailteach agus páirt a ghlacadh sa taispeántas a beidh ar siúl in Óstán na Páirce Dé Céadaoin, tráth go roghnófar na buaiteoirí. Cuirtear béim sa chóras marcála ar nuálaíocht, ceangal leis an gceantar, feidhmiú an ghnó agus caighdeán an taispeántais.

Beidh trí dhuais ar fad le bronnadh, €1,000 don ghrúpa a thagann sa chéad áit, €500 don dara háit agus €250 don tríú áit.

CÚRSAÍ SAMHRAIDH SAN EACHLÉIM DO FHOGHLAIMEOIRÍ FÁSTA
Tá cúrsa Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil ag Gael Linn i nGaeltacht Iorrais san Eachléim in iarthuaisceart Mhaigh Eo.. Tá oileáin Inis Gé in aice lena chósta thiar. Tá réimse saibhir fiadhúlra ag maireachtáil ar na hoileáin atá tréigthe anois ag daoine. Amchlár: Beidh ranganna ann gach lá ó 10.00am go dtí 1.00pm agus ó 2.00pm go dtí 3.00pm
Dáta: 02/08/09 - 08/08/09
Táille: €260
Gael-Linn T: 01 675 1200
R: eolas@gael-linn.ie
I: www.gael-linn.ie

Arts Council chief says arts must be 'husbanded'
The Arts must be ‘husbanded’ through difficult times, given that cultural tourism is worth Eur5 billion annually to the economy, Arts Council director Mary Cloake has said.

Such is Ireland’s international standing in the arts that the sector is akin to a major natural resource, with consequent responsibilities for same, Ms Cloake said at last night’s opening of the Cúirt International Festival of Literature in Galway. ‘In contrast to our reputation perhaps with banking, the creative sector is something that we can be really proud of as a community, national and international level,’ she said. ‘Cúirt is one of those events which contributes to this.’ Some 2.9 million people are involved in the arts on a regular basis nationally, and some 50,000 people are employed directly in the sector, she said. Later this year, Galway is to host an Irish-language version of the One city, One Book initiative: ‘Aon chathair, aon leabhar. Lig Sin i gCathú by the late Breandán Ó hÉithir has been selected for this, Ms Cloake announced.

Writers and poets from the United States, China, Zimbabwe, Afghanistan, Russia, Canada, Georgia, South Africa, England and Ireland are participating in the week-long programme of events, which will continue until Sunday night when the annual Cúirt debate takes place. Participants in the debate will include economist Dr Alan Ahearne, recently appointed as special adviser to the Minister for Finance; I rish Times journalist Kathy Sheridan; poet and former hedge fund banker Katy Lederer; and musician Paddy Cullivan. The topic is Leadership: Are Economists Replacing Politicians?

The festival has expanded its young people’s programme, with writers including Derek Landy, Tim Bowler, Joe O’Brien and Brianóg Brady Dawson. There is also an extensive Irish language programme, including dramatisation of the epic An Táin by Colman Ó Raghallaigh.

Tickets for all events can be purchased from Town Hall Theatre 091-569777

The Irish TImes

93% de dhaoine dearfach faoi thodhchaí na Gaeilge
93% de dhaoine dearfach faoi thodhchaí na Gaeilge

Is mian le 93% de na daoine sin a ghlac páirt i suirbhé náisiúnta go n-athbheofaí nó go gcaomhnófaí an Ghaeilge, de réir tuarascála a sheol an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, inniu. Is é The Irish Language and the Irish People leis an Athair Mícheál Mac Gréil agus Fergal Rhatigan an tríú tuarascáil ar mheonta maidir leis an nGaeilge, inniúlacht sa Ghaeilge agus úsáid na Gaeilge thar thréimhse 34 bliain. Thug an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta faoi obair allamuigh in 2007 agus 2008 don suirbhé reatha.

Le linn imscrúdú a dhéanamh ar inniúlacht ghinearálta sa teanga, iarradh ar na daoine sin a ndearnadh suirbhé orthu a leibhéal féin Gaeilge a rátáil ar scála lenar bhain raon idir líofa agus gan aon Ghaeilge ar chor ar bith. Toradh suntasach den tuarascáil agus cúis díomá ab ea gur chuir 47% de fhreagróirí a rugadh in Éirinn in iúl go raibh siad réasúnta inniúil agus níor chuir ach 23% acu in iúl gur úsáid siad an Ghaeilge go rialta.

Aithnítear sa tuarascáil na dúshláin atá os comhair na Gaeilge, bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé, agus déantar moltaí ann maidir leis an nGaeilge a fhorbairt agus a threisiú i réimsí éagsúla den saol laethúil, lena n-áirítear oideachas, seirbhísí poiblí, eagraíochtaí deonacha teanga agus cultúrtha agus na meáin chumarsáide.

Dúirt an tAire Ó Cuív: “Ní chuirfidh roinnt de na torthaí sa tuarascáil seo ionadh ar aon duine a phléann leis an nGaeilge mar chuid dá saol gach lá. Is é an rud is suntasaí a bhaineann leis seo go dtugann an taighde fianaise fhíorasach ar fáil dúinn chun tacú leis na roghanna a dhéanaimid sa bheartas teanga, chomh maith le léargais mhionsonraithe ar threochtaí áirithe laistigh de ghrúpaí éagsúla daoine. Cabhraíonn taighde cosúil leis seo linn chun tionscnaimh agus bearta beartais a spriocdhíriú ar bhealach níos éifeachtaí, agus imscrúdú á dhéanamh againn ar thorthaí a bhaineann le haoisghrúpaí éagsúla, mar shampla.

“I rith na fiche bliain ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach, tá comhdhéanamh shochaí na hÉireann athraithe go mór. Is tír i bhfad níos éagsúla anois í Éire ó thaobh cultúir agus beogachta de i gcomparáid le hÉirinn 20 bliain ó shin, agus thart ar 13% dár ndaonra déanta suas de náisiúnaigh nár rugadh in Éirinn iad. Ceann de na torthaí a mheasaimse go pearsanta a bheith an-suntasach is ea nach bhfuil aon difríocht sa dearcadh idir sampla den daonra iomlán agus sampla díobh sin amháin a rugadh in Éirinn maidir leis an meon fíordhearfach a léirítear faoin nGaeilge. Tá sé feicthe agam ó mo thaithí féin, go mbíonn imircigh a gcuireann fúthu anseo in Éirinn oscailte agus dearfach faoin nGaeilge go ginearálta, agus déanann an-chuid acu iarracht chun an Ghaeilge a fhoghlaim, go háirithe má tá leanaí ar scoil anseo acu. Bíonn dhá theanga nó níos mó ag an gcuid is mó de na náisiúnaigh nár rugadh in Éirinn agus a thagann chuig Éirinn agus tuigeann siad na tairbhí a bhaineann le níos mó ná teanga amháin a bheith ag daoine. Táim sásta go bhfuil an fhianaise staitisticiúil againn anois chun é sin a aithint.

“Is cuid bhunúsach í teanga den aitheantas aonair agus náisiúnta. Múnlaíonn sí an modh a smaoinímid, an modh a dhéanaimid cumarsáid agus conas a fheicimid muid féin agus an áit atá againn féin ar an domhan. Tá an íomhá a bhain leis an nGaeilge mar theanga na mbocht athraithe go hiomlán. Mar a léiríonn an tuarascáil, chuirfeadh 84.4% den daonra fáilte roimh dhuine le Gaeilge mar bhall den teaghlach. Is féidir leis an nGaeilge idirdhealuithe cosúil le haicme shóisialta, nó aois, nó eitneachas a shárú. Is féidir léi daoine a thabhairt le chéile agus cuireann sí bunús coiteann agus mothú gaoil ar fáil dúinn de réir mar a leanaimid ar aghaidh ag forbairt mar thír.”

Web/Gréasán: www.pobail.ie

Gradaim Barr 50 Gnó le Gaeilge oscailte d'ainmniúchán
Tabharfar gradam do Bharr-50, idir dhaoine aonair agus chomhlachtaí, a rinne ceannródaíocht ar ghnó le Gaeilge, ag ceiliúradh bliaintiúl Gradaim Barr 50 Gnó le Gaeilge, in Óstán an Four Seasons, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 22 Bealtaine.

Is iad an Barr-50 a ainmneofar
• Gnónna atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó a oibríonn trí mheán na Gaeilge
• Ceannasaithe gnó a aithnítear mar thacadóirí na Gaeilge
• Gnónna a bhaineann úsáid as an Ghaeilge mar uirlis mhargaíochta nó a sholáthraíonn seirbhís as Gaeilge

Bronnfar Gradam Gaisce ar seisear den Bharr-50 ag an lón gradam
Ina measc siúd a gheobhaidh an gradam ar leith seo, beidh:
• Fiontraí Gaeilge na bliana
• Comhlacht nó duine aonair san earnáil phoiblí a bhaineann an úsáid is éifeachtaí as an Ghaeilge mar uirlis mhargaíochta
• Comhlacht nó duine aonair san earnáil phríobháideach a bhaineann an úsáid is éifeachtaí as an Ghaeilge i soláthar seirbhíse
• Comhlacht nó duine aonair a léiríonn nuálaíocht agus úrsmaoineamh sa ghnó trí úsáid na Gaeilge
• Comhlacht nó duine aonair, lonnaithe sa Ghaeltacht, a bhaineann sár-úsáid as an Ghaeilge sa ghnó

Déanfar Gradaim Bharr-50 Gnó Le Gaeilge a chomóradh trí iris faoi leith a fhoilsiú ina ndéanfar cur síos ar an Bharr-50 agus a gcuid éachta

Dúnann ainmniúchán ar an Aoine, 1 Bealtaine 2009 ag 5in

Is féidir ainmniúchán a dhéanamh arlíne anseo
nó do dhuillín ainmiúcháin anseo

Gnó Mhaigh Eo seolta ag an Aire Éamon Ó Cuív
Bhí Éamon Ó Cuív, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i gCathair na Mart an tseachtain seo chun Gnó Mhaigh Eo, comhlacht comhairle teanga a sheoladh go hoifigiúil. Ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire go raibh sé thar a bheith sásta le obair nuálaíoch Ghnó Mhaigh Eo ag cur Maigh Eo chun cinn mar chontae a bhfuil tarraingt ar leith aici do chuairteoirí agus do thurasóirí.

“Tá Gnó Mhaigh Eo ag déanamh obair fíor-thábhachtach ag cur an Ghaeilge chun cinn san earnáil ghnó i Maigh Eo agus ba mhaith liom foireann agus bord stiúrthóirí Ghnó Mhaigh Eo a mholadh as ucht a dtiomantas, “ a dúirt an tAire.

Dúirt Mairéad Ní Mhaoilchiaráin Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo, “Aithníonn Gnó Mhaigh Eo na dúshláin agus na deiseanna eacnamaíochta a chuireann an teanga ar fáil d’fhiontraithe i Maigh Eo. Tá sé mar sprioc againn an margadh nideoige seo a fhorbairt agus a thapú. Is trí chomhpháirtíocht agus comhoibriú a bhainfimid amach spriocanna Phlean Straitéiseach Ghnó Maigh Eo. Is í ár bhfís ná Maigh Eo a bheith aitheanta mar Chontae údarásach ina bhfuil an dátheangachas go mór i bhfeidhm. Is ar an mbun seo gur féidir linn leas inmharthana a chruthú don earnáil ghnó sa chontae.

Is fiú beagnach 6 mhilliún euro na himeachtaí a láimhseáil Gnó Mhaigh Eo lena bpáirtnéirí agus taispeánann seo gur féidir airgead a dhéanamh as an nGaeilge. Tá ceathrar ag obair i nGnó Mhaigh Eo go lánaimseartha agus iad lonnaithe i gCathair na Mart agus tá 20 duine fostaithe ar obair chonraithe acu chomh maith.

Dúirt Peter Hynes, Bainisteoir Comhairle Baile Chathair na Mart go raibh Gnó Mhaigh Eo ina siocair ag eagrú go leor tionscadail iomráiteacha sa chontae le bliain anuas agus tá muinín aige as Gnó Mhaigh Eo agus creideann sé go bhfeicfear buntáistí eacnamaíocha agus breis infheistíochta i Maigh Eo mar thoradh ar obair fiúntach Ghnó Mhaigh Eo.

“Ba mhaith liom foireann Ghnó Mhaigh Eo a mholadh as ucht a gcuid tacaíochta agus saineolas ar roinnt tionscadail a cuireadh ar siúl i gcomhar le Comhairle Baile Chathair na Mart le bliain anuas. Tá an-tairbhe faighte ag Cathair na Mart agus ag Maigh Eo ó tháinig Gnó Mhaigh Eo ar an bhfód agus táimid an-sásta go bhfuil Gnó Mhaigh Eo lonnaithe i gCathair na Mart” a dúirt Peter Hynes.

Dúirt clr. Martin Keane as Comhairle Baile Chathair na Mart go raibh sé thar a bheith sásta fáilte a chur roimh an tAire go Cathair na Mart. “ Thug Cathair na Mart tacaíocht do Ghnó Mhaigh Eo ón tús agus leanfaimid ar aghaidh ag tabhairt tacaíocht don Ghaeilge, don oidhreacht agus don chultúir i ngach bealach ar féidir linn,” a dúirt sé.

Ceardlann ‘Déan do chuid Caidreamh Poiblí féin’
Beidh ceardlann speisialta ar siúl i gCaisleán an Bharraigh ar an Máirt, 24 Márta chun caidreamh poiblí a dhéanamh níos simplí do ghnólachtaí meánmhéide agus beaga. Cuirfidh Liam Horan, iriseoir agus craoltóir a bhfuil a lán duaiseanna buaite aige agus Lesley Emerson, príomhchleachtóir PR d’iarthar na hÉireann an cúrsa oiliúna ‘Shout it from the Rooftops’ ar siúl i Day’s Hotel ón 9.30 rn. go dtí 1in. Cuirfidh an cúrsa comhairle chaidrimh poiblí praiticiúil ar fáil agus beidh na rannpháirtí in ann an méid a fhoghlaimíonn siad a chur i gcleachtadh gan mhoill. “ Tá an cúrsa seo ar siúl chun go mbeidh na rannpháirtí in ann a gcuid caidreamh poiblí féin a dhéanamh – níl a ndóthain airgead ag a lán gnólachtaí chun saineolaithe i gcaidreamh poiblí a fhostú mar sin tá orthu féin é a dhéanamh, “ a dúirt Liam Horan, a bhfuil a chuideachta Slí Nua Training ag reáchtáil an chúrsa. Is é €65 costas áit ar cheardlann ‘Shout if from the Rooftops’, agus tá sólaistí san áireamh anseo agus féidir d’áit a chur in áirithe trí dhul i dteagmháil le Liam Horan, Slí Nua Training, Enterprise House, Cloongowla, Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo (fón: 094 9542965, liam.horan@slinuatraining.com.) Tabharfar na h-áiteanna ar an chúrsa do na chéad daoine a thagann.

Cúrsa Ard Diploma i Léiriú Teilifíse le Nemeton/WIT
Tá an spriocdháta d'áiteanna ar an gCúrsa Ard Diploma i Léiriú Teilifíse le Nemeton/WIT, ag druidim linn go tapaidh - 17 Aibreán. Ba mhór linn arís dá bhféadfá an focal a scaipeadh tríd phobal na Gaeilge agus na meain chun cabhrú linn scoláirí a mhealladh. Bheimis an-bhuíoch as do chabhair dá bhféadfá an focal a chuir amach i measc do chomhghleacaithe/cairde/nó éinne eile go mbeadh teacht agat orthu. Ná dearmad go bhfuil gach táille ar an gcúrsa seo clúdaithe.

http://www.nemeton.ie/nemeton/pages/english/training_education.html

Get your business in the Gnó le fiontraí Michael Thornhill agus Gnó Mhaigh Eo
Beidh gnólachtaí Mhaigh Eo ag freastail ar ócáid líonraithe darb ainm an Club Caife ó 9 - 12 Márta. Tabharfaidh an ócáid seo deis do ghnólachtaí áitiúla líonrú lena chéile i láthair neamhfhoirmiúil agus beidh siad in ann foghlaim faoi dheiseanna éagsúla atá ar fáil chun a gcuid gnólachtaí a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge. Is í an Ghaeilge an téama a bheidh ann don ócáid seo ó tharla go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag teacht suas. Labhróidh Michael Thornhill as Maithú ar an chaoi ar chabhraigh líonrú leis a phacáiste bogearraí ‘Get the Focal’ le h-aghaidh fóin phóca a dhíol leis an chuideachta ilnáisiúnta, Samsung. Is feidhmchlár do fhóin póca é ‘Get the Focal’ a chuireann ós cionn 12, 000 aistriúcháin Bhéarla – Gaeilge ar fáil agus níl aon gá duit a bheith ar líne. Tá an feidhmchlár seo oiriúnach do mhic léinn, tuismitheoirí, múinteoirí nó aon duine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Mar a deir Des Bishop “Get Focal’d!” www.getthefocal.com.

Tá Gnó Mhaigh Eo ag oibriú i bpáirtíocht le Mayo Ideas Lab, Ionad Nuálaíochta Ghnó, GMIT agus na Cumainn Tráchtála ar fud an chontae chun na h-ócáidí seo a reáchtáil. Cuireann Gnó Mhaigh Eo seirbhísí comhairle, tacaíochta agus aistriúcháin ar fáil do ghnólachtaí i Maigh Eo a bhfuil suim acu an Ghaeilge a úsáid ina ngnó. Áirítear ar shuíomh Ghnó Mhaigh Eo eolaire déanta suas de liosta de ghnólachtaí as Maigh Eo atá in ann a gcuid seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Beidh sólaistí saor in aisce ar fáil ag na h-ócáidí seo agus tá súil againn go dtiocfaidh a lán gnólachtaí go dtí an ócáid fhaisnéiseach seo.

Beidh Club Caife ar siúl ó 1 – 2 in. ar láithreacha éagsúla ar fud an chontae*.
The Western Hotel, Clár Chlainne Mhuiris – 9ú Márta
Leabharlann Bhéal an Átha, Béal an Átha – 10ú Márta
*Ionad Nuálaíochta Ghnó, GMIT, Caisleán an Bharraigh –11ú Márta, 11.30rn.
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead – 12ú Márta

Nádúr Mhaigh Eo
Leis an taispeántas ‘Nádúr Mhaigh Eo’ tarraingítear aird ar aoibhneas an radharcra agus ar áilleacht na mbláthanna léana agus na bhfeithidí anseo i Maigh Eo. Tá flora agus fauna Mhaigh Eo chomh maith le haon áit eile sa tír, agus tá dathanna breátha na bpeidhleacán agus áilleacht na magairlíní le feiceáil chugat is uait. Leis an taispeántas seo, cuirtear beagán d'áilleacht oidhreacht nádúrtha agus radharcra Mhaigh Eo os ár gcomhair agus táthar ag súil go meallfaidh sé tú le tuilleadh a fhoghlaim faoi na nithe iontacha eile atá sa chontae freisin. Is grianghrafadóir breacghairmiúil í Lynda Huxley, bean atá ina cónaí anois i Maigh Eo. Bíonn cártaí beannachta agus féilirí á bhfoilsiú aici a mbíonn íomhánna d'Iarthar na hÉireann amuigh orthu.

Is é an Dr. Seán Lysaght, a osclóidh an taispeántas go hoifigiúil Dé hAoine an 27 Feabhra ar a 6pm i nGnó Mhaigh Eo, Sráid an Droichid, Cathair na Mart. Is léachtóir é an Dr. Lysaght ar chlár Staidéar Oidhreachta GMIT i gCaisleán an Bharraigh, fear a bhfuil cáil bainte amach aige mar fhile agus a bhfuil roinnt leabhar filíochta foilsithe aige féin, ina measc "The Mouth of A River”, an saothar is deireanaí dá chuid. Fáilte roimh chách.

Gradam Gnó do Chló Mhaigh Eo
Comhghairdeas le Cló Mhaigh Eo a bhuaigh an príomh dhuais sa rannóg 'Gnó le Gaeilge', ag Gradaim Ghnó Mhaigh Eo/Mayo Business Awards le gairid.

Bronnadh an gradam 'Gnó le Gaeilge' ar Cholmán Ó Raghallaigh, Phríomh Fheidhmeannach Cló Mhaigh Eo agus moladh an comhlacht as an obair mhór atá déanta acu ag cur leabhair Ghaeilge d'ardchaighdeán ar fáil do pháistí. D'éirigh leo duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach dá bhfoilseacháin. Tá an-tóir ar a gcuid leabhair ar fud an domhain go háirithe na greannáin nuálaíochta a fhoilsíonn siad le téamaí a bhaineann le stair na hÉireann m.sh, An Táin agus An Tóraíocht. Tá gach eolas ar fáil ar www.leabhair.com

Rinne Northern Screen moltóireacht ar an rannóg 'Gnó le Gaeilge'. Dúirt Áine Breathnach, Ceannasaí Coimisiún na gClár Teilifíse sa Tuaisceart gur rud dearfach é don Ghaeilge go bhfuil comhlachtaí ag baint úsáide as an nGaeilge mar uirlis mhargaíochta.

Tugadh aitheantas agus moladh ar leith do 'Ionad Deirbhile' as ceantar Iorrais a dhéanann sár obair an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla agus 'Maithú' as Béal an Átha a nascann an teicneolaíocht leis an nGaeilge. Sheol siad pacáiste nua teicneolaíochta 'Get the focal' do fhón póca i mbliana, áit ar féidir le duine téacs a sheoladh chuig 53503 chun 'Get the focal' agus suas go 12,000 focail a aistriú go Gaeilge. Gach eolas ó www.getthefocal.ie

Is iad Údarás na Gaeltachta agus Gnó Mhaigh Eo a rinneadh urraíocht ar an ngradam Gnó le Gaeilge i mbliana. Seo an chéad bhliain ar glacadh le hainmniúcháin ó chomhlachtaí taobh amuigh den Ghaeltacht. Dúirt Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, Príomh Fheidhmeannach Gnó Mhaigh Eo go bhfuil luachair uirthi go bhfuil aitheantas á thabhairt do chomhlachtaí ar fud an chontae anois a úsáideann an Ghaeilge ar bhealaí nuálaíochta.

Méadú ar an bhfreastal ar chúrsaí Gaeilge
Bliain mhaith a bhí inti do Ghaeltacht Mhaigh Eo, áit ar tháinig fás 13% ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsáí Gaeilge. D'fhreastail 2,662 duine ar chúrsaí Gaeilge an chontae idir choláistí Samhraidh, chúrsaí speisialta, agus brúnna.

Tháinig méadú de bheagnach 7% ar líon na ndaoine a d'fhreastail ar chúrsaí Gaeilge in Éirinn idir 2007 agus 2008. Ba in earnáil na gcoláistí Samhraidh ba mhó a tháinig ardú ar líon na mac léinn ag foghlaim Gaeilge. D'fhreastail 1,545 duine sa mbreis ar chúrsaí Gaeilge idir chúrsaí do dhaoine óga agus do dhaoine fásta in 2008 thairis 2007.

D'fháiltigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív roimh na figiúirí a d'eisigh an Roinn ar an Aoine. Tugadh le fios freisin ar eisiúint na bhfigiúirí gur fhan formhór na scoláirí i dtithe sna ceantracha éagsúla. 'Léiríonn na figiúirí ní hamháin gur achmhainn tábhachtach do na Gaeltachtaí iad na coláistí Samhraidh, ach gur cuid lárnach de chur chun cinn na Gaeilge ar fud na tire iad chomh maith.

'Tá an clú atá ag na Coláistí Gaeilge tuilte go maith acu, ní ó thaobh na oiliúna de amháin, ach ó thaobh an spraoi agus taitneamh a bhaineann scoláirí astu i rith an tsamhraidh. Ní chuireann sé iontas dá laghad orm go bhfuil freastal chomh hard ar na Coláistí seo. Tá sé tábhachtach sna bliana deacra atá amach romhainn go dtabharfaí gach tacaíocht do chóras na gColáistí Samhraidh agus beidh mo Roinn ag déanamh gach iarracht chun an méid cúnamh agus gur féidir a thabhairt,' a dúirt an tAire Ó Cuív

Ranganna Comhrá Gaeilge
Beidh ranganna Comhrá Gaeilge ar siúl i Leabharlann Bhealach an Doirín gach Déardaoin ó 7in – 8.30in. Fáilte roimh chách

Ranganna Gaeilge
Beidh Ranganna Gaeilge do dhaoine fásta ag tosú i Maigh Eo go luath. Beidh ranganna bunleibhéal, meánleibhéal agus ardleibhéal á chur ar fáil. Tuilleadh eolais ó Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge, Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh. Guthán 094-90-22444 087-9781166 Facs 094-90-22447 eolas[at]conradhmhaigheo.ie

1 Sráid an Droichid, Cathair na Mart, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo - Admin
098 26555 eolas at gnomhaigheo.ie